Nuachtlitir 2023 – 2024

Tuesday, February 11th, 2025

NL Meán Fómhair 2023b

Ranganna Iarscoile Téarma 1 2023 – 2024,  2.15 – 3.15

Beidh foirmeacha agus breis eolais á gcur ar fáil do dhaltaí a bhfuil suim acu roimh dheireadh na seachtaine seo. Is ceart na foirmeacha a sheoladh ar ais ag múinteoir ranga do pháiste.  Beidh gach íocaíocht trí aistriú bainc – breis eolais le leanúint.

A brief on after-school classes and clubs below.  Forms/ info will be distributed by the end of this week to pupils who are interested.  Forms should be returned to your child’s teacher.  All payment will be by transfer – details to follow.

MúinteoirÁbharLá RangannaLíon seachtainí,costasEile
Róisín Ní Mhuineacháin, Cliona Máirtín, Sinéad Ní DholáinClub SpóirtMáirt, Déardaoin2 – 610 seachtaine, ag tosú 12/9, €90 lá amháin (Máirt nó Déardaoin); €180 – Máirt agus DéardaoinAr siúl sa chlós, sa halla ar laethanta fliucha.
Christina Ní MhurchúClub Obair BhaileLuan – Déardaoin1-6Ag tosú 12/9, 14 seachtaine, €6 in aghaidh an laeSeomra 2
Sorcha Nic ShamhráinClub SpáinniseMáirt1-37 seachtain ag tosú 12/09-24/10€65 don 7 seachtain seomra 14
Sorcha Nic Shamhráin
Club Spáinnise Déardaoin4-67 seachtain ag tosú 14/09-26/10€65 Don 7 seachtain seomra 16
Jocelyn Ní CheallaighClub EalaíneCéadaoin1-210 Seachtaine – Ag tosú 13/09, €90Seomra 28
Ann-Marie Ní LabhairíCeoldrámaíochtMáirt5, 612 seachtain, tosú 12/9€90 don tearmaS22
Ann-Marie Ní LabhairíFuáilDéardaoin5, 612 seachtain, tosú 14/9€120 don tearmaS22
Jen Ní Mhathúna, Caoimhe Ní MháirtínClub MaidineTá Club Maidine tosnaithe! Cúram roimh am scoile do pháistí ó 7.55-8.35 sa halla. €3 in aghaidh an lae. Níos mó eolais ó Jen/Caoimhe ag clubmaidine@gmail.comClub Maidine is up and running! Supervision for children before school from 7.55-8.35 in the school hall. €3 per child, per day. More information from Jen/Caoimhe at clubmaidine@gmail.com

Oíche Chultúir 

Ceartú dáta 22 Meán Fómhair

Siúlóid Oíche Chultúir 

Beidh an tsiúlóid stairiúil trí Ghaeilge mar chuid d’Oíche Chultúir ar an Aoine 22 Meán Fómhair (seachas 29/9 mar a luadh cheana).  Díreoidh an tsiúlóid ar cheantar Bhaile na Manach/ Rinn na Mara faoi stiúir Shéamuis Uí Chanainn.

Beimid ag bualadh le chéile Ardán Longfort Baile na Manach 6.30 in, ag críochnú le  cupán tae i Scoil Lorcáin ag 8.00 in.   Labhair le Colmán má tá aon cheist agat.

The Irish language Historical Walk, for Culture Night Friday will be on 22/9 (rather than the previously stated 29/9) meeting Longford Terrace, Monkstown 6.30 pm and finishing at 8.00 in the school with a cup of tea.  The talk will focus on aspects of Monkstown and Seapoint and connections with the sea.  Colmán is happy to deal with queries.

Fógra:

Táimid ag lorg duine chun ár n-iníon a bhailiú ó Naionrá lorcain ag 12.30 go laethúil agus aire a thabhairt di go dtí cnuasach Scoil Lorcain 2.10. Má tá suim agat déan teagmháil le Eimear (087-6352757) nó Eugene (087-2212991)

We are looking for a person to collect our daughter from Naionrá lorcain at 12.30 daily and mind her until the 2.10 Scoil Lorcain collection. If interested please contact Eimear (087-6352757) or Eugene (087-2212991)

NL Deireadh Fómhair 2023

Céilí na Samhna

Beidh sé againn do Rang 3-6 Déardaoin 26 Deireadh Fómhair 7.00 – 9.00 in arna eagrú ag Cumann na dTuismitheoirí.

Céilí na Samhna for Rang 3-6 Thursday 26/10 7-9 pm.  Thanks to the parents of Cumann na dTuismitheoirí for organising.

Vaicsín Ulpóige

Mar áis do phobal na scoile, beidh an Vaicsín Ulpóige/ Fliú ar fáil do gach páiste sa scoil Céadaoin 25 Deireadh Fómhair.  Buíochas leis an Dr. Niamh Ní Ghortúin as cabhrú linn é seo a eagrú.Ní thabharfar an vaicsín ach dóibh siúd a gcuirtear foirmeacha ceadaithe ar ais dóibh.  Breis eolais níos faide anonn.

https://www2.hse.ie/ga/conditions/fliu/vacsain-fliu-do-leanai/
https://www2.hse.ie/conditions/flu/childrens-flu-vaccine/

As a facility for the school community, the Flu Vaccine will be available in the school Wednesday 25th October during school hours.  The vaccine will only be administered to children for whom forms are returned.  More info ect anon.

Comhairle na nDaltaí 

Tá Comhairle na nDaltaí ag bualadh go rialta anois.  Buíochas leis na daltaí atá ag glacadh páirte.   Tá go leor bainte amach cheana féin.  Mhol an Chomhaire Bus Rothar/ Bus Siúlóide.  Is faoi thuismitheoirí é seo a eagrú, más mian leo.

Our Comhairle na nDaltaí is meeting regularly and getting things done.  A Cycling Bus and/or Walking Bus was one of the suggestions made.  This would be a matter for parents to arrange if interested.

Is fánach an áit a gheobhfá …

Tá beirt mhúinteoirí á lorg againn le tosú linn tar éis an mheántéarma.  D’fhéadfaí ceann de na postanna seo a dhéanamh ar bhonn páirtaimsearta 2-3 lá sa tseachtain.  Tar inár dtreo más féidir leat cabhrú, ldt.

We’re looking for two teachers after the mid-term – one of these could be on a part-time 2-3 day basis. If you come across a teacher in your attic while taking down the Halloween decorations, send her/him our way, please.

Siúlóid Stairiúil 22/9

Tháing grúpa de cheathrar déag le chéile don tsiúlóid shuimiúil seo faoi stiúir Shéamus Uí Chanainn.  Buíochas le Séamus agus leo siúd a tháinig, agus le Muintir Fheinneadha a lig isteach ina dteach Eadbhardach muid.  B’fhéidir go ndéanfaimid siúlóid eile san Earrach i gcuid eile den cheantar.

Thanks to all who joined us for our local history walk as part of Oíche Chultúir. We may organise another walk in the Spring.

Club Maidine Scoil Lorcáin

Bíonn Club Maidine ann gach maidin ó 7:55 – 8:35 i halla na scoile.

Cúram roimh am scoile do pháistí atá ann. £3 in aghaidh an lae.

Níos mó eolais le fail ó Jen / Caoimhe ag clubmaidine@gmail.com.

Scoil Lorcáin Morning Club

Morning Club will take place in the hall every morning from 7:55 – 8:35.

Supervision for children before school from 7.55-8.35 in the hall. €3 per day.

More information from Jen/Caoimhe at clubmaidine@gmail.com

Spraoi agus Brioscaí

Beidh an Grúpa Spraoi agus Brioscaí (athbhrandáil Tuistí is Leanbh) ar siúl arís go seachtainiúil ag tosú ón Déardaoin 19 Deireadh Fómhair.  Is grúpa spraoi agus comhrá atá i gceist do pháistí agus tuistí/caomhnóirí trí Ghaeilge.  Beidh bréagáin ar fáil do na páistí agus caifé agus brioscaí do na caomhnóirí.  Is grúpa réchúiseach agus neamhfhoirmiúil é seo agus bheadh fáilte is fiche romhat. 

Áit: An Chistin i Scoil Lorcáin

Am: 8.45 – 9.30

Eolas: Solweg 086 358 7491

‘Grúpa Spraoi agus Brioscaí’ will return again weekly from Thursday 19th October.  This is a play and chat group for preschool children and their parents/guardians through Irish.  There will be toys for the children and coffee and biscuits for the adults.   This is a relaxed and informal group and all are welcome. 

Place:  An Chistin in the school

Time: 8.45 – 9.30

Information: Solweg 086 358 7491

Ranganna Gaeilge á reáchtáil ag Coiste na dTuismitheoirí

Tapaigh an deis!  Cláraigh do spéis i ranganna Gaeilge do thuismitheoirí / caomhnóirí / feighlithe ag tosú go luath anseo

Register your interest here for Irish classes for parents/guardians/minders starting soon.

https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSdOwyBBd0j3gE5HSi8heuXy69JfVtwzyAPPQTuSXyOWIoLliw/viewform?usp=sharing

Déan teagmháil linn ag slrangannagaeilge@gmail.com má tá ceist ar bit agat.

Any questions, contact us at slrangannagaeilge@gmail.com

Cruinnithe Eolais agus Oíche Shóisialta

Bhaineamar taitneamh agus tairbhe as an Oíche Eolais do Naionáin, Rang 1 agus Rang 6 agus as an Oíche Shóisialta ina diaidh. Buíochas le gach duine a d’fhreastal agus le Cumann na dTuismitheoirí.

We enjoyed and benefited from our information night for Naíonáin, R1 and R6 and the social after.  Thanks to all who attended and to all who were involved in organizing.

Cúrsaí Peile 

Tá an séasúr peile beagnach thart agus d’éirigh go hiontach leis na cailíní agus na buachaillí.

Bhí foirne  ag imirt i gCumann na mBunscol le déanaí agus chríochnaigh siad le buanna iontacha agus bhí deis 30 buachaill imirt le déanaí i gcluichí dúshláin in aghaidh Naomh Mhichíl.  Tá comórtaisí Cuala ag leanúint ar aghaidh agus muid ag baint taitnimh astú.  Buíochas le Cionnaithe Mac Gearailt Cuala as iad a eagrú.

Buíochas le na múinteoirí agus tuistí a chabhraionn le na cluichí, síobanna, srl.

The Cumann na mBunscol football season has come to its conclusion, and both the boys and girls teams got on well in Cumann na mBunscol competitions. The teams all finished with great wins and a group of 30 boys recently played in challenge matches against St Michael’s.  The Cuala competitonns continue until the mid-term.  Thanks to Cuala/Cion for organising.

Many thanks to the teachers and parents who help organise the games, arrange lifts, etc.

CÓhÁ.

An Clós agus Drochaimsir ar maidin

Maidineacha báistí, scaoilimid na daltaí isteach sa Halla (Rang 1-6, N Shinsir M. Uí Óldáin agus M. Ní Dhuilleáin) agus Cúinne na Naíonáin 8.20 rn.  Iarraimid ar thuismitheoirí na Naíonán fanacht leo go mbailíonn an múinteoir an rang.   Is isteach cúldoras an Halla  is ceart teacht roimh 8.35 rn. 

Very wet mornings we open the Halla from 8.20 for Rang 1-6 and Naíonáin Shinsireacha upstairs, and Cúinne na Naíonán for the four classes there.  We ask parents to stay with Naíonáin until the teacher collects the children.  

Aonach na Nollag

Ní bheidh aonach amárach i gContae an Chláir ach beidh Aonach na Nollag againn Satharn 25 Samhain anseo sa scoil.

Aonach na Nollag will be on Saturday 25th November in the school.

Éadaí Caillte 

Bailímid éadaí caillte i rith na seachtaine agus gach Aoine ansin tugaimid aon cheann le hainm ar ais don úinéar.  Geansaithe is cótaí gan ainm, cuirimid amach ar fhalla na scoile iad ar feadh lae nó dhó le tógaint, más mian leat, agus déanaimid athchúrsáilar a mbíonn fágtha.  Bíodh ainm ar gach geansaí agus cóta, ldt.

We collect lost geansaís and coats and give any one with a legible name back to its owner on Friday.  Those without names are placed on the school wall for a day or two for whoever wants to take them.  What’s left is recycled.

Seachtain Eolaíochta

Beidh seachtain eolaíochta againn sa scoil 06/11-10/11. 

 Beidh taispeántais agus comórtais eolaíochta á ndéanamh ag na dataí.

Rang 2 – Rang 4: Droichead a dhearadh agus a dhéanamh 

Rang 5&6: Rollchóstóir a dhearadh agus a dhéanamh 

Ranganna na Naíonán & Rang 1 – turgnaimh eolaíochta 

We’re going to have our own Science Week at the start of November with all the pupils involved in demonstrations and competitions.

Polasaí Lóin Sláintiúil

Gheobhaidh sibh cóip de Pholasaí Bídh/ Lón Sláintiúil na scoile leis an Nuachtlitir seo, ar iarratas ó Chumann na dTuismitheoirí.

On foot of a request from Cumann na dTuismitheoirí you’ll find a copy of our Food/ Healthy Lunch Policy included.

Múinteoir Teangacha

Tá múinteoirí teangacha Fraincise/ Gearmáinise/ Iodálaise á lorg againn chun 1-2 uair a dhéanamh go seachtainiúil ar feadh 8 seachtaine.  

Parlez-nous si vous pouvez aider, s’il vous plaît.

We’re looking for part time lanuage teachers.  Sprechen Sie bitte mit uns, wenn Sie helfen können

Meabhrúchán Cruinnithe Sacraiminte.

Beidh cruinniú againn maidin amárach Dé Máirt 8.45 rn, do thuismitheoirí Rang 2 ar mian leo go dtabharfadh a bpáistí faoi Shacraimint an Athmhuintiris agus an Chéad Chomaoineach.  Beidh cruinniú Máirt seo chughainn 24/10 do thuismitheoirí Rang 6 ar mian leo go dtabharfadh a bpáistí faoin gCóineartú.  Is trí Pharóiste Naomh Micheál, Dún Laoghaire a dhéantar na sacraimintí anois.

Reminder re our meeting tomorrow Tuesday 17/10 8.45 am for parents in Rang 2 who wish their children to take part in the Sacraments of Reconciliation and First Communion this year.  We have a meeting Tuesday next 24/10 for parents in Rang 6 who wish their children to partake in Confirmation this year.  These sacraments are administered by St. Michael’s Parish, Dún Laoghaire now.

Cúla4

Láinseálach Cúla4 an mhí seo caite, stáisiún Gaeilge do pháistí.  Rinne Bord Bainistíochta Scoil Lorcáin comhghairdeas le Alan Esselmont, stiúrthóir TG4.

Cuid den fhreagra: go raibh maith agat as an nóta álainn seo.  Tá mé an-bhuíoch den Bhord Bainistíochta ag Scoil Lorcáin.

Mar atá fhios agatsa, is aisling í Cainéal Cúla4 a bhí ag go leor againn ó bunaíodh TG4.  Creidim féin go mbeidh tionchar mór agus fadtréimhseach ag Cainéal Cúla4 ar óige na hÉireann, agus ar Éirinn ar fad.  Beidh TG4 ag obair chomh crua agus is féidir chun an tairbhe is fearr a bhaint as an acmhainn nua iontach seo.  Cuirfidh muid fáilte roimh aon mholtaí atá agaibh maidir le Cúla4 a fhorbairt agus a fhás.

 Le meas mór agus buíochas,
Alan.

Ard-Stiúrthóir/Director General, TG4

We wrote to Alan Esslemont to congratulate him on the launching of Cúla4, an Irish language station for children.  Excerpts from his reply above.

Rothair Lastais

Fáilte roimh rothair lastais laistigh de na geataí ar maidin.  Is iontach iad a fheiscint.

Cargo bikes may be brought inside the gates in the morning while pupils are being dropped off.  It’s great to see so many of them.

Mo Shaol do shaol

Tá muid ag taifeadadh na sraithe ‘Mo Shaol Do Shaol’ do Cúla4 faoi láthair agus sa tóir ar rannpháirithe idir 9-14 bliana d’aois ar suim leo a bheith páirteach sa tsraith. Ba mhaith linn a bheith cinnte go mbeidh ionadaíocht déanta sa tsraith ar pháistí ó gach cúlra agus de gach ábaltacht. Ní amháin go mbeidh na páistí sa tsraith úr ag babhtáil caithimh aimsire, beidh siad ag fáil blaiseadh chomh maith de shaol agus de nósanna laethúla an pháiste eile. Ba mhaith linn gach sort caithimh aimsire a fháil don sraith úr chomh maith.

Thig amharc siar ar Mo Shaol Do Shaol anseo https://www.cula4.com/en/shows/mo-shaol-do-shaol/

Mo Shaol Do Shaol will be returning to Cúla4 on TG4 and we are looking for young enthusiastic contributors all over the country. Are you interested in swapping your favourite hobby with someone of a similar age? Would you like to try a completely new and different hobby? Contact us now on macallapaisti@gmail.com 

You can watch previous episodes of Mo Shaol Do Shaol here 

Caoimhe Ní Chathail, macallapaisti@gmail.com

Ceol na gCairde 

20 píosa Ceol nua, gur féidir a chanadh id’ aonar nó i gcór SATB, le nó gan tionlacan. Is breá le páistí a bheith ag canadh “Beannachtaí na Féile”.  Ceol do gach séasúr i rith na bliana. 

 Ceol na gCairde, an leabhar agus CD ar fail ó ohargain@hotmail.com. Seol d’ainm is do sheoladh ar ríomhphost chuig Eugene Horgan, 39 Sráid Mulgrave, Dún Laoghaire A96RX90 agus seolfar sa phost chugat iad. Costas €20,  tá an post san áireamh, le seic nó Revolut @mulgrave.

A newly published collection of 20 SATB Irish language hymns for the liturgical year.  Ceol na gCairde, Book with CD, is available from ohargain@hotmail.com. Send Email with name and address and the book with CD will be posted to you. Payment of €20 which includes postage can be posted to Eugene Horgan, 39 Mulgrave Street, Dún Laoghaire, Co. Dublin A96RX90 by cheque, or alternatively by Revolut  @mulgrave. 

Tá clann sa scoil ag lorg feighlí leanaí do na páistí, Luan go Déardaoin san iarnóin (tar éis scoil). Má tá suim agat déan teagmháil le Eimear (087-6352757) nó Eugene (087-2212991)

A family in the school are looking for a childminder Monday to Thursday after school.

If interested please contact Eimear (087-6352757) or Eugene (087-2212991)

NL Deireadh Fómhair 2023b

Meabhrúcháin Foirme Ulpóige/Fliú

Más mian leat go mbeadh do leanbh ag glacadh páirte sa hlinic vacsaíne, le bhur dtoil líon isteach an fhoirm thoilithe thíos roimh 6.00 a chlog inniu (23ú).

If you wish to have your child vaccinated, please return the completed consent form before 6.00 pm today Monday (23rd).

Moltar an vacsaín fliú do gach leanbh 2-12 mbliana d’aois. I mbliana tá an vacsaín fliú á tairiscint ag foirne vacsaínithe ó Blackrock Medical Practice do leanaí i Scoil Lorcáin ar scoil. Fluenz Tetra a thugtar ar an vacsaín atá á tairiscint do do leanbh. Is vacsaín shábháilte agus éifeachtach í a thugtar mar sprae sróine. Beidh an clinic vacsaín ar siúl Dé Céadaoin 25ú Deireadh Fomhair.

Le bhur dtoil, féach ar an eolas atá ceangailte agus an fhoirm thoilithe le haghaidh vacsaínithe. Má tá níos mó ná leanbh amháin agat don vacsaín, comhlánaigh foirm ar leith do gach leanbh. 

Scoil Lorcáin Foirm Toilithe Vacsaínithe Fliú

Má tá do leanbh tinn le fiabhras (>38 céim) ar lá an clinic, ba chóir moill a chur ar vacsaíniú go dtí go dtiocfiadh biseach air/uirthi.

Beidh taifead a choinneíll faoí vacsaín do leanbh leis an FSS.

Tabhair cuairt ar www.hse.ie/flu chun tuilleadh eolais a fháil faoin vacsaín seo.

The flu vaccine is recommended for all children aged 2-12 years. This year, children in Scoil Lorcáin are being offered the flu vaccine in school by the vaccination team from Blackrock Medical Practice. The vaccine that your child is being offered is called Fluenz Tetra. It is a safe and effective vaccine that is given as a nasal spray. This vaccine clinic will take place in Scoil Lorcáin on Wednesday 25th October.

Please see the attached information and consent form if you wish to have your child vaccinated. If you have more than one child being vaccinated please complete a separate form for each child.

Scoil Lorcáin Flu Vaccine Consent Form

Vaccination should be deferred for any children who is unwell with a fever (>38 degrees) on the day of the clinic.

A record of your child’s vaccination will be filed with the HSE.

Visit www.hse.ie/flu  for more information about this vaccine.

Cártaí Nollag

Tá a gcuid cártaí Nollag féin deartha ag na páistí. Seolfar sampla de chárta do ghasúr abhaile leo sa gcéad seachtain ar ais tar éis an briseadh meán téarma. Beidh treoirlínte chun ordú a dhéanamh leis an gcárta samplach.

Is é an Luan an 13ú Samhain an lá deiridh chun ordú a dhéanamh.

Cosnóidh pacáiste cártaí €12 – 10 gcárta atá sa bpacáiste.

Mhol Coiste na dTuismitheoirí ag an gcruinniú chinn bhliana go dtabharfaí an brabús ar fad do UNICEF agus Barnardos – chun cabhrú le gasúir san Úcráin agus in Éirinn.

The children have designed their own Christmas cards. The sample will go home the first week back after the mid term. Instructions on ordering will be included.
Last day for orders is 13/11/23.
A pack of 10 cards will cost €12.
Following on from a suggestion at the AGM of the Coiste na dTuismitheoirí all profits will be donated to UNICEF and Barnardos – helping children in Ukraine and Ireland.

Céilí na Samhna

Cumann na dTuismitheoirí

1. Beidh an Céilí ar siúl Déardaoin 26ú Deireadh Fómhair sa scoil. Tosaíonn sé ag 7:00 agus críochnaíonn sé ag 9:00. Osclóidh na doirse ag 6.45 in.  Tá fáilte roimh pháistí ó Rang 3 go Rang 6 agus a dtuismitheoirí. (Ní cheadaítear iarscoláirí ná siblíní) Tá cead isteach saor in aisce ach tá fáilte roimh shíntiús €5 an teaghlach a thabhairt, más mian leat. Beimid ag baint úsáide as Doras an Halla laistigh den gheata íochtarach/ ó thuaidh.

Beimid ag súil le feisteas iontach bréige a bheith ar na páistí agus na tuismitheoirí.

2 Is féidir leis na daltaí fearas mór ar nós boscaí a fhágáil sa scoil don lá dar gcionn mar go bhfuil cead ag gach páiste i ngach rang gléasadh suas ar an Aoine.

3. Beidh duais in aghaidh an ranga ag an gCéilí don fheisteas is fearr agus duais iomlán do cheann a bhaineann an úsáid is fearr as athchúrsáil.

4. Is ceart do gach dalta a bhuidéil uisce féin a thabhairt leo (le lipéad go soiléir lena n-ainm) Tabharfar mála beag de shóiteáin do na páistí i rith na hoíche

5. Is Cumann na dTuismitheoirí atá ag eagrú nahócáide agus mar sin beidh tuismitheoirí freagrach as aire a thabhairt do na páistí agus a chinntiú go bhfuil siad á n-iompar. Ar mhaithe le sábháilteacht ní mór do thuismitheoirí gach leanbh a bhailiú ón scoil ag 9.00 in.

6. Is féidir grianghraif a thógáil ar an oíche ach ní féidir iad a phostáil ar aon mheáin shóisialta.

7. Níl cead ag na daltaí an Céilí a fhágáil ag aon am.  Is gá do thuismitheoirí iad a bhailiú ón Halla nó laistigh den gheata ag 9.00.  Is féidir le tuismitheoir eile do pháiste a bhailiú. Ní scaoilfear amach iad.

8. Iarraimid oraibh gan tiomáint isteach go Cearnóg Eaton.  Páirceáil ar Chearnóg Belgrave nó Bóthar Alma agus siúl chuig an scoil.

1. Céilí na Samhna is on Thursday 26th October in the school. It starts at 7:00pm and finishes at 9:00pm.  Doors open 6.45 pm.  Children from Rang 3 to Rang 6 and their parents are welcome. (No past pupils or siblings allowed)  There is no entry fee but feel free to make a €5 donation if you want.  We will be using the hall door inside the lower gate.

   We are looking forward to seeing lots of Halloween costumes, on young and old. 

2  Large costume items such as boxes may be left in the school Thursday night as all pupils in all classes are invited to dress up on Friday.

3. There will be a prize per class for the best costume and an overall prize for one that makes best use of recycling.

4. All students should bring their own water bottles (to be clearly labelled with their name).

The children will be given a small bag of treats during the night.

5. Your parents’ committee Cumann nadTuismitheoirí are running this event, so parents will be responsible for looking after the children and ensuring they are behaving. For safety purposes all children must be collected from the school by parents at 9.00 pm.

6.  Photos may be be taken on the night but they may not be posted to any social media.

7. Pupils may not ‘leave’ the Céilí at any stage.  They must be collected by a parent or guardian from the Halla or inside the gate.  Another parent may collect your child.

8. Please don’t drive into Eaton Square.  Park on Belgrave Square or Alma Road and walk to the school.

Cuaillí Tráchta

Tharla an t-ineibhiteabal an tseachtain seo caite agus buaileadh páiste go dona san aghaidh nuair a spreag ceann de na cuaillí oráiste tráchta lasmuigh den scoil ar ais tar éis do pháiste eile é a tharraingt siar.  Labhróimidne leis na daltaí ach coimeádfaigí féin súil orthu, le bhur dtoil.

A pupils suffered a face injury last week when one of the orange traffic bollards outside the school sprang back after being pulled by another child and hit her in the face.  We’ll talk at the Tionól about it,but you might keep an eye outside, please.

Cosc ar ghutháin chliste

Cuimhnimis go bhfuil cosc ar ghuthán/ ghléasanna cliste a bheith ag daltaí ar scoil in aon chor.  

We’d like to remind you that pupils may not bring smartphones/ gadgets to school at all.  

NL Samhain 2023

Aonach na Nollag

Seachtain Eolaíochta

Bhaineamar go léir an-taitneamh as an tSeachtain Eolaíochta a d’eagraigh an Múinteoir Ní Dhóláin le seachtain is breis anuas.  Tugadh dúshlán eolaíochta do gach rang.  Chríochnaíomar le Tionól na hEolaíochta, mar ar bronnadh luach €540 de dhearbháin leabhar ar dhaltaí Rang 2-6 a rinne sár-iarracht sa chomórtas.  Buíochas le Sinéad Ní Dhóláin agus leis na daltaí a ghlac páirt go fonnmhar.

We’ve just celebrated our science week with projects for each class,, culminating in Tionól na hEolaíochta where €540 of book token prizes were presented to pupils in Rang 2-6 for excellence in their efforts.

Laoch Lorcáin

B’í an Mháirt seo caite, 14 Samhain,  Lá Fhéile Lorcáin, pátrún na scoile.

Gach Lá Fhéile Lorcáin don chéad 10 mbliana eile, táimid chun ceiliúradh a dhéanamh ar Laochra Lorcáin, daoine atá tar éis cur go mór le saíocht agus cultúr na tíre agus go bhfuil gaol ag an scoil leo.

Is é an Chéad Laoch Lorcáin a cheiliúramar i mbliana ná ná Gabriel Rosenstock, scríbhneoir d’óg agus d’aosta, cruthaitheoir, nuálaí.

Bhuail na daltaí go léir le Gabriel Dé Luain nó Dé Máirt sna ranganna agus arís ag Tionól na Laochra a bhí againn I Halla na Scoile.  Mhol Gabriel do na páistí moilliú anois is arís, fiú agus iad ag teacht ar scoil, le hiontaisí an tsaoil a thabhairt faoi ndearadh, mar shample, peidhleacán ag tuirlingt lá samhraidh.  Táimid an-bhuíoch do Ghabriel as a am agus a spiorad a roinnt linn.

Last Tuesday, 14th November, Lá Fhéile Lorcáin, our Patron Saint day, we celebrated our first Laoch Lorcáin – Gabriel Rosenstock poet and writer.  Gabriel met all the classes over Monday and Tuesday and again at our Tionól na Laochra where we recognised his work for our language and culture.  Below is the poem Bláth Draíochta, which we adoped as our signature work for the celebration.

Bláth Draíochta

Thuas bláth do mo mhúinteoir,

Mar bí sí an-chineálta,

Blát draíochta is ea é

A fhásann thall i Malta.

‘Go raibh míle maith agat’, ar sise,

‘Cuirfidh mé é i vása,

Ní fhaca mé aon rud riamh riamh,

Chomh hálainn le do bhláthsa!’

Céilí

D’éirigh go hionach le Céilí na Samhna, roimh an mbriseadh arís i mbliana.  Buíochas leis na tuismitheoirí a rinne an obair go léir.  Bhain gach duine a bhí i láthair an-taitneamh as.

Comhghairdeas le Buaiteoirí Chéilí na Samhna

Rang 3 A Ciúb Rubix, Hugh

Rang 3B Balún Aer Te Aodhla Rose Uptún

Rang 4 A Bosca Poist Joanna Nic Eoin

Rang 4 B Gorm agus Bán Conor Ó H

Rang 5A Spáslong Sam Ó hÓldáin

Rang 5B Captaen Meiriceá Senan Ó Cuív

Rang 6A Spáslong Apollo Joanie, Niamh, Isbéal

Rang 6B Traen Éabha, Caoimhe, Molly, Ciara, Eleanor, Sadhbh

Úsáid is fearr as ábhar athchúrsalta: Rang 6, Rothair agus Gluaisteáin Martha, Lily-Belle, Liadain, Seán, Brian.

Well done to all involved in Céilí na Samhna.  What a success it was.  Rang 3-6 had a great night.  Winners of the Halloween Costume Prizes above.

Aonach na Nollag

Scoil Lorcáin

Dé Sathairn 25 Samhain

Feicfimid ann sibh.

We hope to see you all 

Saturday week.

25th November at

Aonach na Nollag

Éadaí Scoile

Iarraimid ar na páistí gan nithe breise ar nós snúdaithe, hataí a chaitheamh sna ranganna, ná craicinn/ foshraith le muinchillí fada.  Ní cuid den éide scoile iad.

We’re asking that the pupils don’t wear accoutrements such as hats, snood, nor layers/ skins with long sleeves in school, please.  They are not part of the school uniform. 

Dán nua ó Ghabriel Rosenstock (foilsithe don chéad uair)

An tSeanspideog

Is seanspideog mé

Tá mé beagnach a naoi,

Is cuimhin liom go maith

Nuair nach rabhas ach a trí.

Bhí mé óg an uair sin

Agus lán de bhrí,

Is ag ithe cuileog

Agus seilidí.

Seanspideog anois mé

Tá mé beagnach a naoi,

Ach nach cuma sa sioc,

Tá mé og i mo chroí.

Múinteoir Teangacha

Tá múinteoir teangacha á lorg againn Eanáir – Márta, uair nó dhó sa tseachtain ar feadh 6 seachtaine.  Ba mhaith linn go mbainfeadh na páistí taitneamh as – Spáinnis gan Dóra!

We’re looking for a teacher of French/ Spanish/ Italian/ German Jan – March, one or two hours a week, for a six week period.  Joinez nous.

Scoil ag dúnadh 2.00 in

Beidh an scoil ag dúnadh ag 2.00 Máirt seo chughainn, de réir shocrú idir na páirtithe oideachais, chun Cruinnithe Tuismitheoirí/ Múinteoirí a áisiú.

The school will close 2.00 pm next Tuesday to facilitate Parent/ Teacher meetings, as agreed between the Education Partners.

Ó Bhéal

Tá scannán fáisnéise nua an tuismitheora Ciara Nic Cormaic dar teideal ‘Ó Bhéal’ ar siúl go dtí amárach, Dé hAoine, sa Lighthouse Cinema ar 19.30. Seo tuileadh eolais faoi

https://www.lighthousecinema.ie/film/o-bheal-live-qa

Dála an scéil tá iarmhicleinn ó Scoil Lorcáin, Niall Morrissey, sa scannán! 

Scoil Lorcáin parent Ciara Nic Cormaic’s new documentary ‘Ó Bhéal’ finishes it’s first run tomorrow 7.30 in the Lighthouse Cinema.  It features pastpupil Niall Morrissey and other musicians.  Congratulations to Ciara.

Bígí ag Ceol

Nóta beag faoi sraith  TG4, Bígí ag Ceol Sraith a Dó a taifeadadh lenár ndaltaí an bhliain seo.

Tá an tsraith ar an gCainéal Nua CÚLA4 ag a 10r.n, agus ar an 12/12/23 beidh ár ndaltaí air leis an amhrán: Ag Péinteáil

Beidh ár gcéad chlar eile ag dul amach ag an 08/01/24 (Eip 13) leis an amhrán Mo Bháidín Liath.

Last year’s Rang 2 recording will feature in the TG4 Bígí ag Ceol programme in December and January.

Maor Tráchta

Fáilte ar ais roimh Jackie Maor Tráchta 9 Samhain.  Braithimid go léir níos sábháilte anois.

Welcome back on the 9th November to Jackie our Traffic Warden, after hurting her leg badly over the summer.

Club na Maidine

Beidh Club na Maidine ag leanúint ar aghaidh tar éis na Nollag, le múinteoirí eile ina bhun.  Breis eolais le teacht.

The pre-schoolday service Club na Maidine 8.00 – 8.35 am will continue after Christmas, under new management.  More anon.

Ceolchoirmeacha na Nollag

Déardaoin 21 Nollaig

9.30 Naíonáin

10.30 Rang 1, 2, 3.

12.00 Rang 4, 5, 6.

Christmas Concert date/ times above.

Caifé Nollag Lorcáin

Ar siúl arís i mbliana le linn na gceolchoirmeacha

Chun airgead a bhailiú do thógáil tithe sa tSiombáib

Caifé Nollag Lorcáin will open again this year for the Christmas Concerts.

Proceeds go to building houses in Zimbabwe.

Plean Éalaithe Tine ón Halla

I gcás éigeandála agus ócáid ar siúl sa Halla, iarrtar ar gach duine:

Fanacht socair, stuama

Páistí a bhailiú leat

Fágáil láithreach trí aon cheann de na bealaí éalaithe marcálta

Do bhealach a dhéanamh amach ar an mbóthar chun tosaigh.

Is féidir gach doras sa scoil, ach amháin an príomhdhoras a oscailt ón taobh istigh ag aon am.

Fire Evacuation Plan

In case of  an emergency while we are holding an event in the hall, all are asked to:

Stay calm

Collect children

Make your way through the nearest of the three exits and out on to the road in front.

All external doors in the school, except the main door, can be opened from inside at all times.

Sléibhte Séadchomhartha Bhaile Átha Cliath

Tá an leagan Gaeilge seo de leabhar breá faoi stair agus seandálaíocht shléibhte an chontae is áille in Éirinn, ar fáil lasmuigh d’Oifig na Scoile go ceann Seachtaine, Aonach na Nollag san áireamh.  Moladh mór le CocoDLRD as a chur ar fáil. 

Irish language version of Dublin’s Monumental Mountaints, the archeological landscape of the most beautiful county in Ireland is available outside Oifig na Scoile for the next week, Aonach included.  Well done to DLRCoCo on producing.

Scoil dúnta ag 2.15 in.

Iarraimid ar thuismitheoirí gan teacht isteach sa scoil tar éis am scoile gan cead a fháil uainn.  Is cosúil go bhfuil sé tar éis tarlú cúpla uair le déanaí chun málaí scoile nó cótaí a dearmadadh a fháil.  Agus, má thagann dalta (seachas Naíonán Sóisireach) ar scoil déanach, is féidir leo a mbealach féin a dhéanamh ón dotas tosaigh nó cabhair a fháil ó bhall foirne.  Tá sé tábhachtacht smacht a bheith againn ar theacht isteach sa scoil

Some parents have come into the school recently after schooltime to get forgotten bags or coats.  Please don’t unless arranged with us.  Also, if a child arrives late (apart from Junior Infants) then they should make their own way from the main door to the classroom.  It’s important to control access to the building.  Thank you for your cooperation.

Aonach na Nollag

Coláiste Íosagáin/ Eoin

Dé Domhnaigh 19ú Samhain

Sunday 19th November 

1 pm – 4:30 pm

 Caifé, Ceol, Stainníní, Duaiseanna, Bia Te

Café, Music, Stands, Prizes, Hot Food

Duaiseanna / Prizes

Cácaí / Cakes

Leabhair / Books 

Buidéil / Bottles

Ceardaíocht / Crafts

Agus a lán eile

 Fáilte mhór roimh muintir Scoil Lorcáin teacht.

Fógra: Ceolchoirm Nollag

An Nollaig le Cór Palestrina, Mary Kennedy ag cur i láthair, Carúil agus amhráin eile Nollag

Céadaoin 6 Nollaig 8.00 , sa Cheoláras Náisiúnta

The Boys and Gentlemen of the Palestrina Choir, a joyful evening of carols and seasonal favourites, NCH, Wednesday 6th December.  You will spot a few familiar Scoil Lorcáin faces in the choir.

Fógra: Lámh Dhearg Abú

Tá Tyrone Productions ag déanamh taighde do chlár teilifíse le Síle Seoige maidir le tuismitheoirí ag obair in Éirinn. Ba bhreá linn labhairt le tuismitheoirí le Gaeilge acu (ní gá go mbeadh sí líofa) faoina taithí mar thuismitheoir ag obair. Comhrá ar an nguthán a bheadh i gceist leis. Ní bheidh aon rud ar an scáileán go fóill! Is féidir ríomhphost a sheoladh chugam ar sbhenry@tyrone-productions.ie má ta suim agat nó téacs a sheoladh chuig 0877554279.

Tyrone Productions are developing a documentary idea with Síle Seoige discussing working parents in Ireland. We would love to hear from parents with Irish (does not have to be fluent) about their experience as a working parent. As this is the developing stage, nothing will be on camera but a chat over the phone. Please email sbhenry@tyrone-productions.ie if you are interested or send a text to 0877554279.

Fógra Eolaíochta

Beidh an Lá Mór Ghaeilge den Bleaist Eolaíochta ar siúl san RDS ar an 7 Márta 2024. Mar is ghnáth bíonn moltóirí le Gaeilge de dhíth. Ní gá go mbeadh suim faoi leith ag moltóir san Eolaíocht, díreach Gaeilge líofa chun cur leis an lá. 

Bheinn buíoch dá scaipfeadh sibh an scéal i measc pobal na scoile. Seans go mbeidh suim ag roinnt tuismitheoir é a dhéanamh.

Is féidir clárú chun moltóireacht a dhéanamh anseo: https://app.smartsheet.com/b/form/a65774c7c1414088b244643f400f6cb6

Frank Ó Tormaigh, Oifigeach Oideachais (Digiteach), COGG An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Fógra

Bean Lánfhásta Gaelach, carr féin, iontach le páistí, ar lorg 20+ uair an chloig tar éis cúram scoile, Luan-Déardaoin, tagairtí iontacha, ag piocadh suas sa scoil le 2+ bliain, Brenda – teileafón 0857489891

Mature Lady, own car, great with kids, seeks 20+ hours after school care, great references, been picking up at the school for 2+ years, Phone Brenda 0857489891 

NL Nollaig 2023

Aonach na Nollag

D’éirigh thar barr le hAonach na Nollag ar an Satharn seo caite 25 Samhain.  D’iarr San Nioclás orainn buíochas a ghabháil leis na daoine – tuismitheoirí, daltaí, múinteoirí –  go léir a chabhraigh roimh réidh, le linn an Aonaigh agus leis an nglanadh ina dhiaidh.  Buíochas leis an bpobal a d’fhreastail ar an ócáid, chomh maith.  Thuill Rang 6 níos mó ná €2400 leis na seastáin a bhí acu.  Is maith iad gach duine a chabhraigh.

Aonach na Nollag was a great success again this year.  Thanks to all who were involved  – Elva and the Elves – and to those who attended.  It is a great social occasion and a great fundraiser, too.  Lots of work goes into making it such a good event.

Buaiteoirí Chrannchur na bPáistí

  1. Mega Lego City – Mannix Ó Máille
  2. Cairtín Huffy Green – Freya Ní Chearnaigh, N Shinsireacha 
  3. Teidí – Oisín Mac Aodha, Rang 5
  4. Boscaí Ealaíne – Joe Muckian, N Shóisireacha
  5. Ciseán Milseán – Fiadh Ní Dhuinneacha N Shóisir/ Karen Bass.

Cúram 1.15 – 2.15in. – Oibrí de dhíth

Tá oibrí á lorg againn don Chúram ón Luan seo chughainn ar aghaidh, mar go bhfuil oibrí ag fágáil.  Muna dtagaimid ar oibrí, ní bheimid in ann glacadh ach le dhá thrian/ dhá ghrúpa ag an am, rud a fhágfaidh trian/ grúpa amháin le dul abhaile ag 1.15 rn.  Grúpa in aghaidh na seachtaine, a bheidh i gceist, ag tosú le Grúpa 1.

Grúpaí

  1. M Ní Dhuileáin agus M Ní Mháirtín
  2. Múinteoir Uí Óldáin agus M Rosenstock
  3. M Ní Mhurchú agus M Ní Dhrisceoil

Tuigimid go gcothóidh sé seo deacrachtaí móra.  Bheimis buíoch ach bhur gcabhair a fháil teacht ar oibrí agus ar ionadaithe nuair a bhíonn oibrí as láthair.

We’re looking for a worker for the Cúram 1.15 – 2.15 pm, from Monday next, as one of the current workers is leaving.  If we don’t source someone,we will only be able to cater for two out of three groups.  One group per week,starting with Group 1 above, will have to leave at 1.15 pm.  We know this will cause great difficulty.  Can you help us find another worker?

Obair Bhaile agus Geansaithe Nollag

Beidh deireadh le hobair bhaile go dtí an bhliain nua ar an Déardaoin 7/12.  Fáilte roimh chách – páistí is eile – geansaithe Nollag a chaitheamh Aoine 8/12.

Homework will end for Christmas Thursday 7th.  Christmas jumpers may be worn by all Friday 8th December.

Ceolchoirmeacha na Nollag

Déardaoin 21 Nollaig

9.30 Naíonáin

10.30 Rang 1, 2, 3.

12.00 Rang 4, 5, 6.

Christmas Concert date/ times above.

Caifé Nollag Lorcáin

Ar siúl arís i mbliana le linn na gceolchoirmeacha

Chun airgead a bhailiú do thógáil tithe sa tSiombáib

Caifé Nollag Lorcáin will open again this year for the Christmas Concerts.

Proceeds go to building houses in Zimbabwe.

Poncúlacht agus Slándáil

Ba cheart go mbeadh daltaí sna línte nuair a bhailítear iad ag 8.35 rn.  Is féidir le haon duine a bheith déanach uair nó dhó, ach níor cheart a bheith déanach go rialta.  Cailleann daltaí déanacha amach ar thús an lae agus cuireann siad isteach ar an rang agus iad ag teacht isteach.

Ar mhaithe le slándáil, beidh doirse na scoile á ndúnadh ar 8.45 in, ach doras Chúinne na Naíonán a dhúnfar ag 8.55 rn don cheithre rang sa Chúinne.  Is ceart teacht to príomhdhoras na scoile ina dhiaidh sin.  Is féidir leis na daltaí dul chuig an rang leo féin ón doras.  Iarraimid ar thuismitheoirí gan teacht isteach leo, ach i gcásanna eisceachtúla sna Naíonáin Shóisireacha.

Pupils should be in their line at 8.35 am when they are collected by the teacher.  Anyone can be late once or twice but we shouldn’t be late regularly.  Late pupils miss out on the start of the day and interrupt the class when they arrive.

School doors will close 8.45 am from now on, but for Cúinne na Naíonán at 8.55 am for the four infant classes there.  You should come to the front door after that to gain entrance.  For security and to develop independence, parents etc are asked not to come in with their children, except in exceptional circumstances in the Naionáin Shoisireacha.

Ceistneoirí is rl.

Táimid sásta ceistneoirí is rl a bhaineann le measúnaithe sicelaíochta is rl ar pháistí a líonadh. Ach is ceart na ceistneoirí seo a sheoladh isteach tríd oifig na scoile agus ní díreach chuig an múinteoir.  Tabhair seachtain dúinn na ceistneoirí agus próifílí a líonadh mar go dtógann siad am agus gur mian linn iad a dhéanamh i gceart.

We are happy to fill questionnaires and profiles which are used as part of psychological and educational assessments.  They should be sent via Oifig na Scoile rather than directly to the teacher.  Please allow a week for it to be returned because we want to do them properly.

Aifreann Gaeilge – athrú ama

10.30 in Gach Domhnach agus Lá Nollag

Séipéal Naomh Micheál, Dún Laoghaire.

Buailfidh tú le clanna eile as Scoil Lorcáin

Irish mass in St. Michael’s Church Dún Laoghaire

Time change to 10.30 am.

Every Sunday and Christmas Day.

Come along and meet other families from Scoil Lorcáin

Cór Piccolo Lasso

Beidh Julia May ag canadh sa Cheolaras Náisiúnta ar an 20iu lá de mhí na Nollag leis an cór Piccolo Lasso.

Scipeáil

Tá Eoin Ó Ráighne ag déanamh scipeála le Rang 3-6 agus na daltaí ag baint an-taitnimh as.

Is féidir na rópaí scipeála a bhíonn in úsáid aige a cheannach.  is féidir leo an cód LORCAIN5 a úsáid le lascaine de €5 a fháíl.https://www.leimthart.net/siopa-shop

The pupils in Rang 3-6 seem to be enjoying their skipping with Eoin Ó Ráighne.  The ropes he uses are available at the link above.  The code LORCAIN5 gets a €5 discount, apparently.

Stair Bhaile na Manach

Beidh Séamus Ó Canainn ag léachtóireacht ar stair Bhaile na Manach an Aoine bheag seo 1 Nollaig  i dteach pobail Chumann na gCarad. Seo an nasc:

https://www.eventbrite.ie/e/did-you-notice-about-monkstown-talk-by-dr-seamus-cannon-tickets-756850358797?aff=oddtdtcreator

Séamus Ó Canainn, who was our guide for our Siúlóid Stairiúil on Culture Night, will be giving a talk on the history of Monkstown Friday 1st December in the Quaker Hall. Link above.

Fógra
Club Maidine/Morning Club Scoil Lorcáin

Beidh Club Maidine ag leanúint do pháistí ó Naíonáin Shóisireacha – Rang 6 Éanair 2024. Maoirseacht roimh am scoile atá i gceist ó 7.55rn. do thuismitheoirí gur mian leo a bpáistí a chur ar scoil luath. Beidh cead ag páistí a mbricfeasta féin a thabhairt leo le hithe. Beidh spraoi, léamh agus dathú ar siúl againn 😊. Tosóidh an Club do na ranganna ar fad –  Naíonáin Shóisearacha – Rang 6 ar an 8 Éanair 2024.

Costas an Club thíos (€5 in aghaidh an lae).

Má tá suim agat sa Club, cuir r-phost chuig clubmaidine@gmail.com Socrófar íocaíocht in Éanair.  Beidh an-éileamh ar áiteanna – tiocfaidh do sheal mar a thiocfaidh tú féin!

R-phost roimh an Aoine 8 Nollaig más féidir.

Club Maidine (Morning Club) will start on 8th of January 2024. The Club will provide morning supervision for children starting at 7.55am. Very handy for working parents!

Children are welcome to bring their own breakfast to eat during the Club. The children can read, colour and play during the Club 😊

The Club will start for all classes: Junior Infants – 6th Class on 8th January  2024.

Club cost: €5 per days. (see table below)

 If you are interested, please send an email to clubmaidine@gmail.com Payment will be taken in early January 2024.

Places limited. First come, first served! 

Costas an Club don Dara Téarma (Eanáir – Márta) 2024)

Club cost for second term (January – March 2024)

Laethanta Seachtaine/ téarmaDays per week/term5/484/403/302/201/10
Cost€220€185€150€100€50

Natasha Ní Dhuilleáin, Jocelyn Ní Cheallaigh agus Isibéal Ní Cheallaigh.

‐—————

Bailiúcháin bia do Naomh Uinsionn de Pól.

A chairde,

Tá Scoil Lorcáin ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do bhailiúchán Nollag Naomh Uinsionn de Pól. Más féidir leat cabhrú linn, bheimís an-bhuíoch as. Tuigimid gur am gnóthach agus costasach é am na Nollag, mar sin, níl aon bhrú ar an gclann aon rud a thabhairt isteach. Tá liosta samplach thíos den bhia/earraí atá molta ag Naomh Uinsionn de Pól.  Is féidir aon bhia gur mian leat a thabhairt isteach ón liosta.  Táimid ag bailiú ar an  gCéadaoin 6.12, Déardaoin 7.12 agus an Aoine 8.12. Is féidir leis na páistí earraí a thabhairt isteach chuig a rang nó iad a fhágáil i gCúinne na Naíonán nó taobh istigh den doras tosaigh nó lasmuigh d’Oifig na Scoile.        

Bia blasta.Bia stánaithe.DeochannaGránach & Carbaihiodráití 
Cáca/Maróg Nollag.Boscaí Seacláide.Brioscaí SeacláidPíog MhionraCriospaíGrán róstaMilseáinDearbhánTurcaí/Liamhás. Bosca Pléascóg Nollag.Naipcíní Nollag.Torthaí stánaithe.Glasraí stánaithe.Trátaí stánaithe.Tuinnín/ Iasc.Pónairí bácáilte.                             CustardGlóthachTae agus CaiféSiúcraGránach Bricfeasta MuesliNúdalRísPastaAnraith Pasta/Rís.Barra Muesli/ Gránach.

Aire: Le bhur dtoil déan cinnte nach bhfuil an bia as dáta agus déan cinnte as go bhfuil dáta éagtha ag an mbia isteach go maith sa bhliain 2024.

Dearbháin. 

Bheimis an-bhuíoch as aon dearbhán a thugtar dúinn.                                                                            Bíonn na dearbháin ollmhargaidh (Dunnes Stores, Tesco ect) an-áisiúil do theaghlaigh.  Cabhraíonn na dearbháin seo leis na teaghlaigh íoc as an na hearraí a bhíonn ag teastáil uathu agus iad ag hullmhú don Nollaig. 

Bronntanais nach bhfuil ag teastáil:   Is féidir bronntanais neamhoscailte agus nár úsáideadh riamh a thabhairt chomh maith. 

This Christmas Scoil Lorcáin would like you to support a collection for Saint Vincent de Paul. We would be very grateful for any support that you can give us. Every donation, no matter how small can make a huge difference to families.   We understand that the Christmas period is a very busy and expensive time for everyone, therefore there is no pressure on any family to donate to Saint Vincent de Paul. 

SVP  has put together a list of suggested items for your shopping list. You may choose to donate any food item/s you like from the list. ☺  Our collection will take place on Wednesday 6.12, Thursday 7.12 and Friday 8.12. Items can be brought into class or left in Cúinne na Naíonán or inside the main door. 

TreatsTinned FoodBeveragesCereals & Carbohydrates
Christmas Cake/ PuddingChristmas Selection BoxesBiscuits ChocolateMince PiesCrispsPopcornSweetsTurkey/Ham voucherBox of Christmas CrackersFestive Table napkinsTinned Fruit eg. fruit cocktail.Tinned VegetablesTinned TomatoesTuna / FishBaked Beans                                CustardJellyTea and CoffeeSugarBreakfast Cereals MuesliNoodlesRicePastaPasta/Rice SauceMuesli/Cereal Bars

Note: Please ensure that all food items are non-perishable and that the food has an expiry date well into 2024.

Vouchers.  Any voucher donation is greatly appreciated.                                                                                                                                      Vouchers for any of the large supermarkets (Dunnes Stores, Tesco etc) are particularly welcomed by families. These vouchers allows families buy exactly what they need in preparation for the Christmas period. 

Unwanted and unopened Christmas gifts can also be included in your donation.                                                                 

Míle buíochas agus Nollaig Shona daoibh go léir.                                                                                           Is mise le meas, Orla Ní Choitir

NL Nollaig 2023b

Ceolchoirmeacha na Nollag 2023 Scoil Lorcáin

Déardaoin 21 Nollaig 

9.30 Ceolchoirm na Naíonán

Naíonáin Shóisireacha, An Crann is lú, Múinteoir Ní Mhurchú, Múinteoir Ní Mháirtín, Múinteoir Rosenstock.

Naíonáin Shinsireacha, Scéal na Nollag, Múinteoir Uí Óldáin, Múinteoir Ní Dhuileáin, Múinteoir Ní Dhrisceoil.

Rang 6 agus an Lucht Féachana: Oíche Chiúin 

10.30 Ceolchoirm 2

Rang 1, Rud éigin faoin Nollaig, Múinteoir Uí Chroidheáin, Múinteoir Ní Labhairí, Múinteoir Ó hÁinle.

Grúpa Ceoil na Scoile

Rang 2, An bhfuil a fhios acu gur an Nollaig atá ann?, Nollaig shona daoibh go léir.

Rang 5 agus an Lucht Féachana: Oíche Chiúin 

11.30 Ceolchoirm 3

Rang 3: Feliz Navidad, Rudolf, Múinteoir Mac Aogáin, Múinteoir Ní Dhóláin, Múinteoir Doilfín.

Grúpa Ceoil na Scoile, Múinteoirí éagsúla

Rang 4, Frosty an Fear Sneachta; Cloigíní. Múinteoir Magner, Múinteoir Ní Mháirtín.

Grúpa Ceoldrámaíochta – 2 amhrán, Múinteoir Ní Labhairí

Rang 5: Dán – Paidí na Nollag. Amhrán- Nollaig Shona gach éinne. Múinteoir Ó Conaill, Múinteoir Máirtín.

Rang 6, Amhrán Táilliúr na Fáinleoga,  “Craith díot é” 

Gach duine: Oíche Chiúin

Ceolchoirmeacha na Nollag 

 Siúl nó rothaigh, más féidir.  Tabhair go leor ama duit féin.  Tosóidh na ceolchoirmeacha in am.  Tar go luath agus ól cupan caifé i gCaifé Lorcáin.  Níl cead ach ag na daltaí atá páirteach freastal ar na ceolchoirmeacha.  Níl cead siblíní a bhailiú ó ranganna chun iad a thabhairt.  Beidh ar gach duine an halla a fhágáil idir ceolchoirmeacha chun seans a thabhairt dúinn an áit a chur i dtreo agus a aerú roimh an gcéad cheolchoirm eile.  Ní féidir suíocháin a choimeád trí chótaí a fhágaint orthu.  Ní bheidh cead deochanna te a thabhairt isteach sa halla ach má tá claibín ceart orthu.  Fan go dtí deireadh na ceolchoirme, le do thoil, seachas fágáil nuair atá do pháiste féin déanta.

Timetable for Christmas Concerts next Thursday above. Note changes in running order for Ceolchoirm 2 and Ceolchoirm 3.  All welcome.  Walk, cycle or scoot, please.  If you drive, park respectfully some way from the school.  Concerts will start on time.  Oíche Chiúin (lyrics below) to be sung by all.  Try it out at home.  No harmonising.   Caifé Lorcáin will be open 8.45 am – 1.00 pm.There will be no parking near the school. You could arrive early and enjoy a cup in Caifé Lorcáin. Siblings may not be collected from classes to attend the concerts.  They will all see each other on Wednesday.  Everyone must vacate the hall when each concert is over to allow us to re-organise and aerate. No leaving coats on chairs to ‘keep’.  Hot drinks in hall only if in a sturdy cup with a top.  Please stay till end of concert rather than leaving when your child is done.  The last group on stage deserve a good audience, too.  

Caifé Lorcáin ag Ceolchoirmeacha na Nollag

Beidh Caifé Lorcáin á reachtáil  sa scoil 8.30 rn – 1.30 in ag iarscoláirí chun airgead a bhailiú do thuras chun an tSaimbia sa samhradh chun tithe a thógáil agus tabhairt faoi fhorbairt phobail.

Tabhair do choimeádchupán féin leat.  Fáilte roimh shíntiúis.

Caifé Lorcáin will be in operation  in the school by past pupils with tea/coffee and biscuits/cakes 8.30 am – 1.30 pm as a fundraiser for community development and housebuilding trip to Zambia.  Donations welcome.  Arrive early for your child’s concert and enjoy a cup at ease.  Bring your own keepcup.

Gaeilge sa Chlós

Cabhraimis lena chéile traidisiún Gaeilge Scoil Lorcáin a neartú agus a bhuanú.

‘Cad a dhéanfadh mac an chait, ach luch a mharú’.

Labhraimis í agus fásfaidh sí.

Lasaimis an tine.

We all can contribute to energising and sustaining our Irish language tradition.

You learn by doing and falling over.

Ask not what Irish can do for you but ….

Learn Irish as if you were to live forever.  Speak it as if you were to die tomorrow.

Doirsí agus geataí

Táimid ag iarraidh a bheith níos cúraimí maidir le sábháltacht.  Dúnfaimid na doirse go léir ar maidin 8.45 rn.   Má tá siad dúnta nuair a thagann tú, tar isteach an doras tosaigh, ldt. Is féidir le daltaí dul chuig na ranganna iad féin ach go bhfuil fáilte roimh thuismitheoirí dul síos staighre le Naíonán Sóisireach.  Dúnfar an geata atá crochta sa phasáiste ar an mbealach istech go Clós na Naíonán agus na páisí sa Chlós.  Beidh bolta ar an ngeata isteach chuig an bpríomhdhoras a úsáidfear ag amanna oiriúnacha.  

We’re trying to tighten up on safety after conducting an audit.  Doors will be closed 8.45 am.  If you arrive when they are closed, please come in the front door.  We have installed a gate in the lower passage, at the entrance to Clós na Naíonán Sóisireach.  This will be closed for break times, and other appropriate time, to ensure the Naíonáin stay in the Clós.  We will have a bolt on the gate that leads into the main door, for use during break times.

Tinreamh agus Poncúlacht

Tá béim á cur ag an Roinn Oideachais agus Tusla ar Thinreamh agus Poncúlacht i mbliana.

Tá méadú ar líon na ndaltaí a fhaigheann deacair é teacht ar scoil, mar thoradh ar Covid, cuid mhaith.  Má tá deacacht ag do pháiste, labhair linn, ldt.

Tá Tinreamh go sármhaith sa scoil, 95 – 97 % Meán Fómhair – Samhain, buíochas libh.

Tá poncúlacht go maith, ar an iomlán ach roinnt ranganna an-lag.  Buíochas libhse atá chun iarracht níos fearr a dhéanamh.

Dep of Ed and Tusla  are talking big on attendance and punctuality.  There is an increase of children with difficulty attending since covid.  If there is a problem, let us know, please.

Punctuality in this case is not the virtue of the bored or a thief of time, but a useful discipline and a courtesy.  Our attendance rate is excellent in the 95 – 97% range.  Punctuality is good, but some classes could improve.

Fógra ó Chumann na dTuismitheoirí

Tá Leas Cathaoirleach á lorg ag an Coiste Chumann na dTuismitheoirí.

De réir an bunreacht ba chóir dúinn leas cathaoirleach a tfa nach ionadaí ranga é/í

Caithfidh Gaeilge bheith ag an duine sin.

Labhair le d’Ionadaí Ranga má tá suim agat.

Cumann na dTuismitheoirí looking for a Leas-Chathaoirleach.

Talk to your class rep if interested.

Lá Idirnáisiúnta do dhaoine faoi mhíchumas

Táimid an-bhródúil as ár ndaltaí Ronan Ó Cearnaigh agus cás dhaoine faoi mhí-chumas a chur os comhair an tsaoil ar an 3 Nollaig.

Ronan Ó Cearnaigh spoke on disability for UN International Disability Day 3/12/23.  See and hear Ronan at link above.  You might give him a thumbs up if you think he deserves it.

Ceolchoirm Dhaltaí as R1 

Do Ospidéal na bPáistí Shráid an Teampaill, 

I gCearnóg Belgrave €115.31 bailithe.

Pupils in Rang 1 staged a concert in Belgrave Square last week and collected €115,31 for Temple Street Children’s Hospital.  

Scoláirí abú, Wuhooooooo!

Nóta ó Ghaeloideachas maidir le habhreithniú an Acht Epsen

A Phríomhoide a chara, 

Mar is eol duit, tá athbhreithniú reachtúil ar Acht EPSEN ar siúl faoi láthair, athbhreithiú a bhfuil impleachtaí tábhachta ann dár scoileanna agus scoláirí amach anseo. Tá an t-athbhreithniú ag céim ríthábhachtach sa mhéid is go bhfuil grúpa taighdeoirí coimisiúnaithe ag an Roinn chun tuairimí an phobail agus go háirithe daoine óga a bhailiú agus a chur san áireamh. Déanfar é seo trí roinnt fhócasghrúpaí a reáchtáil ar fud na tíre. 

Ar achainí COGG, An Foras Pátrúnachta agus Gaeloideachas, tabharfar aird sna fócasghrúpaí d’fhonn guth an phobail, ar mhianta phobail na Gaeilge, na Gaeltachta agus na Gaelscolaíochta, a chur san áireamh.  Tá sé i gceist roinnt fócasghrúpaí do pháistí idir 10 – 18 mbliana d’aois a eagrú timpeall na tíre chun a dtuairimí a bhailiú. Gealladh dúinn go n-eagrófaí ceann de na fócasghrúpaí seo i nGaeilge. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go mbeadh daoine ar fáil don bhfócasghrúpa sin agus sásta cúrsaí riachtanais speisialta oideachais don earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta a ardú agus a phlé. Braithfidh ionad agus dáta beacht an fhócasghrúpa ar cad as a dtiocfaidh na léirithe spéise ach tá muid dóchasach faoi láthair go dtarlóidh sé i mórcheantar Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir. 

Faigh ceangailte leis seo, bileog nó cuireadh maidir le conas spéis a léiriú sna fócasghrúpaí seo. Iarraidh orainn na cuirí seo a roinnt ar scoileanna agus páirtithe leasmhara eile. Bheadh muid an-bhuíoch díot agus de do scoil as an eolas tábhachtach seo a roinnt ar phobal na scoile agus daoine a spreagadh le bheith rannpháirteach sa phróiseas. 

Ina theannta sin, tá tuilleadh eolais do thuismitheoirí agus do pháistí ceangailte leis seo a mhíníonn dóibh conas a oibreoidh an próiseas. Tá breis eolais arís ar fáil ag an nasc seo: https://www.gov.ie/ga/comhairliuchan/comhairliuchan-athbhreithnithe-epsen/ 

Míle buíochas as do chúnamh ag scaipeadh an eolais seo. Tá súil agam go mbeidh Nollaig álainn agat féin agus ag pobal do scoile, mar aon le briseadh álainn suaimhneach.

Le gach dea-ghuí, 

Ciara Ní Bhroin Oifigeach Forbartha, Gaeloideachas

Above is a note about a review of the EPSEN Act / Special Ed provision and the desirability of having the voice of Irish language education included in the review.  Check out the link above.

Feachtas Tinrimh TUSLA

Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt d’obair  chrua na scoileanna maidir le tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil daltaí. Is eol dúinn na sár iarrachtaí atá á ndéanamh chun cultúr tinrimh dearfach a chur chun cinn agus timpeallacht  fháilteach scoile a chruthú. 

We (Tusla) would like to acknowledge the hard work of  schools in relation to the attendance, participation and retention of students. We are aware  of the tremendous efforts put into promoting a positive attendance culture and creating a  welcoming school environment. 

Nollaig Ghaelach

An Irish Christmas

Moya Brennan

Le Craobh Phiarais Uí Ghréagáin CCÉ

Séipéal Bhaile na Manach

Déardaoin 21 Nollaig 7.00 in.

Ticéidí: www.moyabrennan.com, Siopa Hewett’s, Baile na Manach.

Oíche Chiúin

Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,

Cách ‘na suan dís araon,

Dís is dílse ‘faire le spéis

Naoín beag gnaoigheal

ceananntais caomh

Críost, ‘na chodhladh go séimh.

Críost, ‘na chodhladh go séimh.

Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,

Aoirí ar dtús chuala ‘n scéal;

Allelúia aingeal ag glaoch.

Cantain suairc i ngar is i gcéin

Críost an Slánaitheoir Féin

Críost an Slánaitheoir Féin

NL Eanáir 2024

Meascadh Ranganna 1

Tá cinneadh tógtha againn deireadh a chur le Córas Sruthanna A/B na scoile, mar ar cuireadh siblíní as an teaghlach céanna sa sruth céanna nuair mheascamar an trí Rang 1 (20 páiste) isteach to dhá Rang 2 (30 páiste).  Gheobhaidh tuismitheoirí níos mó eolais ar mheascadh Rang 1 in Aibreán.

We’re going to end the A/B streaming in the school, whereby siblings were placed in the same stream, when the classes were divided from three classes of 20 in Rang 1 into two classes of thirty one for Rang 2.  Parents will receive more information on the mixing of Rang 1 in April.

Meascadh Ranganna 3

Tá cinneadh tógtha againn na ranganna a mheascadh arís agus na daltaí ag dul isteach go Rang 4.  Tosóimid i mbliana leis an dá Rang 3.  Braithimid gur buntáiste do na daltaí agus don scoil cur chuige seo;

Tabharfaidh sé deiseanna oideachais agus forbartha níos fearr do na daltaí

Imeoidh na daltaí i dtaithí ar dhéileail le daoine agus grúpaí nua, scil thábhachtach saoil.

Gheobhaidh siad cleachtadh ar chairdis nua a fhorbairt i dtimpeallacht shábháilte

Beidh seans athchothromú a dhéanamh ar na ranganna ó thaobh cumais, iompair, inscne agus dinimicí.

Is é Príomhoide na scoile a dhéanfaidh an rogha, tar éis plé leis na múinteoirí ranga on mbliain seo agus blianta eile agus le bainistíocht na scoile.  Ní bheimid ag glacadh le hiarratais cairde a choimeád le chéile ach déanfaimid iarracht a chinntiú nach mbeidh páistí scartha ó na cairde go léir atá acu.  Má tá eolas eisceachtúil agat, nach bhfuil againn, tá fáilte romhat scríobh chuig an bPríomhoide i rith Aibreáin.

Aithnímid go mbeidh buairt ar roinnt daltaí agus tuismitheoirí.  Cuirfimid an meascadh do na ranganna nua in iúl do thuismitheoirí agus do na daltaí faoi lár an Mheithimh.  Tabharfaimid an dá rang nua le chéile roimh an samhradh chun deis a thabhairt dóibh dul i dtaithí ar na ranganna nua.  Tar éis an tsamhraidh, beidh deis ag an dá Rang nua 4 meascadh lena chéile gach lá ag am lóin, agus ag comhthréimhsí corpoideachais a eagróidh na múinteoirí uair sa tseachtain Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, chomh maith le deiseanna eile i rith na bliana.

Bheadh dearcadh dearfach ó thuismitheoirí an-tábhachtach agus an-chabhrach do na daltaí.  Is leis an scoil an focal deireannach sa chinneadh seo.

We have decided to mix our classes again before the pupils go into Rang 4.  We’ll start this year.  We feel this will be advantageous to the pupils and to the school.

It will improve the educational and developmental opportunities for the pupils.

Pupils will experience dealing with new people/ groups, an important skill in the transition to secondary and in life.

They will have an opportunity to develop new friendships, as well as maintaining current ones, in a safe environment.

We will have an opportunity to rebalance the classes in terms of ability, behaviour, gender and dynamics.

The Principal will make the final decision after consultation with current and past teachers and school management.  We won’t be inviting requests for friends to remain together but we will try to ensure that all pupils will be with one of their strong friends.  If there is some exceptional information that we may not be aware of, you are welcome to write to the Principal during April.

We appreciate that this may cause some worry for pupils and parents. We will publish the new classes by mid-June.  The new configurations will be brought together before the holidays to begin to get to know each other.  After the holidays the classes will be mixed every day at lunch time and for a weekly Physicial Education period until the mid-term, as well as at other times during the year.  A positive outlook from parents will be very important in helping the pupils to adjust.  The school has the final decision in this matter.

An Nós Imeachta Athbhreithnithe maidir le Gearáin ó Thuismitheoirí

Gheobhaidh sibh mar iatán leis an Nuachtlitir an Nós Imeacht nua maidir le Gearáin atá comhaontaithe ag na páirtithe oideachais.

Attached with this Nuachtlitir as a copy of the new Complaints Procedure for Parents, as agreed by the education partners.

Inneal Fuála

Má tá inneal fuála sa bhaile ag aon duine nach mian leat greim (?) a choimeád air, bheadh an Club Fuála anseo an-sásta a fháil.

If you have a sewing machine gathering dust our Club Fuála (sewing club) would be happy to receive.

Gaeilge i Scoil Lorcáin

Gaeilge, ar maidin, Gaeilge um nóin,

Is dá dtiocfainn istoíche is Gaeilge a gheobhainn, le do thoil.

Irish in the morning, Irish in the evening,

Irish at supper time

With Ireland’s very own language,

You can talk it anytime (especially in the Clós).

(Acknowledgment: Hotcup)

Fógra
Club Maidine/Morning Club Scoil Lorcáin

Tá Club Maidine ag leanúint do pháistí ó Naíonáin Shóisireacha – Rang 6 Éanair 2024. Maoirseacht roimh am scoile atá i gceist ó 7.55rn. do thuismitheoirí gur mian leo a bpáistí a chur ar scoil luath. Bíonn spraoi, léamh agus dathú ar siúl againn 😊..

Costas an Club thíos (€5 in aghaidh an lae).

Má tá suim agat sa Club, cuir r-phost chuig clubmaidine@gmail.com  

Morning club in operation 7.55 – 8.35 am every schoolday morngin.  Email clubmaidine@gmail.com if interested.  €5 per day.

Snámh

Go n-éirí go geal le Chloe Ní Cheallaigh agus Niamh Nic Giolla Phádraig a bheidh ag snámh faoi ainm Scoil Lorcáin i gComórtas na Scoileanna  i Márta.

Good luck to Chloe and Niamh who will be representing Scoil Lorcáin in the Minor Schools Swimming competition in March. 

Campa Cásca

Beidh Campa Cásca ar siúl i Scoil Lorcáin ón 25ú-29ú Márta 2024. Beidh an campa ar siúl ó 9.30 r.n. – 1.30 i.n. do ranganna Naíonáin Shóisearacha – Rang a 2. Ba chóir go mbeadh lón iomlán agus deoch uisce ag gach páiste. Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl sa champa m.sh. cócaireacht, spóirt, ealaíon, cluichí agus tóraíocht taisce!! Seol ríomhphost go campacascasl@gmail.com má tá aon cheist agat.

An Easter Camp will be running from the 25th-29th March 2024 in Scoil Lorcáin. The camp will run from 9.30 am – 1.30 pm for Junior Infant – 2nd Class pupils. Children should have a packed lunch and drink. The camp will consist of a wide range of activities including cooking, sports, arts and crafts, games and an Easter Egg Hunt!! Please email campacascasl@gmail.com if you have any questions.

Foirmeacha ar fáil ó campacascasl@gmail.com nó Oifig na Scoile.

Forms available from campacascasl@gmail.com or at the school office.

Oideachas Speisialta (OS)

In OS, tá an bhéim á cur againn ó thús Eanáir ar Thacaíocht Inranga sa Mhatamataic, Rang 2-6.  Sa chás seo, bíonn an múinteoir ranga agus an Múinteoir Oideachas Speisialta (MOS) ag obair le chéile sa seomra.  Tá buntáistí ag baint leis, mar atá leis an gcur chuige eile nuair a thógtar grúpa daltaí chuig seomra OS chun tacaíocht a fháil.

In SpEd, since the start of January Rang 2-6 we have been providing most Maths support in-class, where the class teacher and SpEd teacher work in the room.  There are advantages to this approach, as there are to the other system where a group of pupils is taken to a SpEd room to receive support. 

Ranganna Gaeilge á reáchtáil ag Coiste na dTuismitheoirí

Tapaigh an deis!

Cláraigh do spéis i ranganna Gaeilge do thuismitheoirí / caomhnóirí / feighlithe ag tosú go luath anseo.  

Register your interest here for Irish classes for parents/guardians/minders starting soon.

https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSdOwyBBd0j3gE5HSi8heuXy69JfVtwzyAPPQTuSXyOWIoLliw/viewform?usp=sharing

Déan teagmháil linn ag slrangannagaeilge@gmail.com má tá ceist ar bit agat.

Any questions, contact us at slrangannagaeilge@gmail.com

Anthea Uí Bhradaigh

Urraithe an Aonaigh 

Míle buíochas leis na hurraithe go léir.  Bheadh sé go deas dá bhféadfaimis roinnt gnó a chur ina dtreo.  Luaigh Scoil Lorcáin leo, más féidir leat.

List of firms that sponsored our Aonach.  It would be good if we sent some business their direction.  Please mention Scoil Lorcáin if you do.

Fuji Blackrock

Dubray Books

Parlour Café

Art and Hobby

The Wooden Spoon

The Optical Shop

Newpark Sports Centre

Khan Clothing

Blackrock cellar

Triggerfish Cookshop

NoH2O Car Valet

Brown Sugar

King’s Sushi

Blackrock Barber Shop

The Blackrock (Bar and eatery)

School of Rock

The Wishing Well

Poultry Bonne Femme

Cinnamon

Spar, Baile na Manach

Searsons

Hewett’s Newsagents

George’s Fishshop

Cosgraves Pharmacy

Brasserie 8A

Seagreen

That’s Amore

Café du Journal

FX Buckley

Howbert & May

Avoca

Isobel Heneghan, Ealaíonteoir

Paul Smith Motors

Over the Moon Children’s Boutique

Currans Centra

Nuala Wolfe Massage

Sam McCauley Pharmacy

Glennons Pharmacy

Bloomingdales florist

Rococo

Cartridge Stop

All Care Pharmacy, Mounttown

Wing Stop, Mounttown

McCormack’s Pub and Restaurant

Mike’s Bikes

Grandstand Sports

Tierney’s gift shop

The Pavillion

Supervalu Dún Laoghaire

Easons

IMC Cinema

Chemist warehouse

Horan’s HealthStore

Essence of Beauty

The Gourmet Pantry

 Luna coffee shop

M. Kelly interior

Windy ridge

SuperValu, Deansgrange

Libreros Take Away

Xpert Dry Cleaners

Barber Shop

Sakura Hair & Beauty

FX Buckley

Looks!

Flowers by Dee

Roast Office

Meche Hair and Beauty paS

Fellini’s Ristorante Pizzeria

Graft Coffee

Rocks Jewellers

Stillorgan Decor

Amora GiftS & Jewellery

Cuala

Iconic Offices

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Leinster Rugby

Zero Latency Virtual Reality Gaming.

Kilruddery

Squirrel’s Scramble

Alive Outside

OPW Heritage Sites

Airfield

Uniform Warehouse

Insomnia

Luna Coffee

M Kelly Interiors

Windy Ridge Garden Centre

Finnegan’s Pharmacy

Ciorcal Comhrá

Bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl in Áras Pháirc Sheangánaigh, Seanchill, gach Aoine ó 11:00 -12:00.  

Is é aidhm an Chiorcail ná seans a thabhairt do dhaoine pé Gaeilge atá acu a úsáid agus, dar ndóigh, feabhas a chur uirthi. Foglaimíonn gach duine.   Ní gá go mbeifeá líofa chun bheith linn.  Níl de dhith uait ach suim agat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ag am sóisialta taitneamhach.

Tuilleadh eolais ó: 

Seán Ó Raghallaigh

087 6900 710 / (01) 430 540 7

seanseosamh@gmail.com.

Irish Converstaion group in Shanganagh House, every Friday 11.00 – 12.00 noon.  All abilities catered for.

Dearbhán One4all

Thángamar ar dearbhán One4all sa chlós mór le méid suntasach air. Buail isteach chuig oifig na scoile más leat é. 

We found a One4all voucher in the yard on Wednesday with a substantial amount on it. Call in to the school office if it’s yours. 

M’ainm

Tá mé ag scríobh chugat ar son Ronin Films, comhlacht teilifíse atá lonnaithe i mBéal Feirste. Seo nasc chuig suíomh s’againn: https://roninfilms.tv/home

Tá muid ag léiriú an dara sraith de M’Ainm Mo Scéal fá choinne Cúla 4. Sraith ina mbíonn páistí ag fáil amach faoin chiall atá le hainm s’acu agus faoi na scéalta a bhaineann leis. Tá an tsraith dírithe ar pháistí bunscoile, mar sin tá muid ag iarraidh páistí idir 5 -10. Seo nasc don chéad sraith ar shuíomh Cúla 4: https://cula4.com/en/shows/mainm-mo-sceal/1

Ní mór dóibh a bheith breá muiníneach agus cainteach agus bheadh orthu a bheith sásta agus compordach ag labhairt os comhair ceamara. Bheadh sé ina chuidiú mhór dá mbeadh Gaeilge ag an chuid eile don teaghlach ach ní gá.

I am writing to you on behalf of Ronin Films, a Belfast based television production company. Here is a link to our website: https://roninfilms.tv/home

We are currently producing the second series of M’Ainm Mo Scéal for Cúla 4. A series where children find out about the meaning of their first names and the stories associated with their names. This series is aimed at primary school children and we would like primary school aged children (5-10) to take part. Here is a link to the first series on the Cúla 4 website: https://cula4.com/en/shows/mainm-mo-sceal/1

We are looking for children who are confident and talkative and who would be comfortable speaking on camera. It would help if the rest of their family speak Irish as well, however, that is by no means a requirement. 

Méadbh Ní hÍr

Naomh Uinsionn de Pól

A sincere thank you for your kind donation of food to St. Vincent De Paul. Your food has been distributed to families in the Jobstown area of West Tallaght and is greatly appreciated by needy families, especially at Christmas time. 

Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí

Seisiún Eolais do thuismitheoirí maidir le páistí ag aistriú chuig an meánscoil.  Oiriúnach, go háirithe, má tá do pháiste i Rang 5 nó 6.

As your child prepares to make the important transition from Primary School to Post-Primary School, National Parents Council (NPC) is offering free online sessions, providing valuable insights and guidance.

Session Details:

  • Dates: 29th January to 2nd of February 2024
  • Platform: Zoom

Schedule:

  • 29th, 30th , 31st January, 1st February: 10 AM and 7:30 PM
  • 2nd February 2024:  10 PM

 Registration: To participate, please register for free by providing your information here : https://www.surveymonkey.com/r/TPPP_Feb_2024

NL Feabhra 2024

Cionnaith Mac Gearailt

Tá brón orainn a fhógairt go mbeidh Cionnaith Mac Gearailt, atá ag oiliúint dhaltaí Scoil Lorcáin i scileanna Camógaíochta, Iomána agus Peile, ag fágáil a phoist i gCuala CLG, agus dár bhfágáil i Scoil Lorcáin, mar sin.  Tá Cion linn anseo ó 2006, a ainm ar eolas ag na daltaí go léir a bhí sa scoil ó shin agus a n-ainmneacha siúd ar eolas ag Cion.  Is é an Luan 9 Márta lá deireannach Chionnaith linn.

We’re sad to announce that Cionnaith/ Ken Fitz is leaving his job as GPO in Cuala and therefore leaving his work with the pupils in Scoil Lorcáin after 17 years.  We’d like to thank Cion for all his  enthusiasm and dedication and energy.  We will miss him.  Thanks, also,  to our local Club Cuala GAA for supplying this great service to the school.

Gura fada buan é Cionaith.

Féile na Gaeilge

Beidh Féile na Gaeilge á ceiliúradh againn don choicís romhainn.  Cloisfidh sibh na daltaí ag caint faoi imeachtaí éagsúla.

We’re celebating Féile na Gaeilge for the first two weeks in March.  You could ask you child what they have been up to in school.

Bricfeasta Fhéile na Gaeilge

Dé Luain seo chughainn 4 Márta

8.30 – 10.00 rn

Tá cabhair á lorg againn ó 16 tuismitheoirí.  Más féidir leat cabhrú seol freagra ar an ríomhphost seo, ldt.

We’re looking for support from 16 parents 8.30 – 10.00 am this Monday 4th March for Bricfeasta Fhéile na Gaeilge.  Please reply to this email if you can help.

Campa Cásca

Beidh Campa Cásca ar siúl i Scoil Lorcáin ón 25ú-29ú Márta 2024. Beidh an campa ar siúl ó 9.30 r.n. – 1.30 i.n. do ranganna Naíonáin Shóisearacha – Rang a 2. Ba chóir go mbeadh lón iomlán agus deoch uisce ag gach páiste. Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl sa champa m.sh. cócaireacht, spóirt, ealaíon, cluichí agus tóraíocht taisce!! Seol ríomhphost go campacascasl@gmail.com má tá aon cheist agat.

Foirmeacha ar fáil ó campacascasl@gmail.com nó Oifig na Scoile.

An Easter Camp will be running from the 25th-29th March 2024 in Scoil Lorcáin. The camp will run from 9.30 am – 1.30 pm for Junior Infant – 2nd Class pupils. Children should have a packed lunch and drink. The camp will consist of a wide range of activities including cooking, sports, arts and crafts, games and an Easter Egg Hunt!! Please email campacascasl@gmail.com if you have any questions. Forms available from campacascasl@gmail.com or at the school office.

Boscaí Trócaire

Sheolamar na Boscaí Trócaite abhaile chuig gach teaghlach tamall ó shin.  Is féidir ceann a fháil ó Oifig na Scoile má tá ceann eile uait.  Moladh mór do Thrócaire as iad a chur ar fáil i nGaeilge.  Ná cuir aon airgead a chur isteach chughainn ag deireadh an Charghais, ldt.  Seol ar aghaidh díreach go Trócaire é.

Trócaire Boxes were sent home recently.  We have some in Oifig na Scoile if you need another one.  Money collected is to be sent directly to Trócaire – we don’t collect it in the school any more.  Well done to Trócaire and our past pupil and parent Director Caoimhe de Barra for the Irish language boxes.

Oiliúint Churaclaim agus dúnadh scoile

Beimid dúnta Céadaoin 17 Aibreán 2024 d’fhoghlaim ghairmiúil leanúnach chun Curaclam Matamaitice na Bunscoile a chur i bhfeidhm

We will be closed on Wednesday 17th April 2024 for Primary Mathematics Curriculum seminar for school and curriculum leaders. 

Reifreann

Meabhrúchán go mbeimid dúnta don Reifreann ar an Aoine 9 Márta.

Reminder will will be closed Friday 9th March for the Referendum.

Líomanáid agus Leabhair

Comhghairdeas le Blanca, Siobhán agus Leah as Rang 3 Múinteoir Mac Aogáin as €166 a bhailiú ag an deireadh seachtaine do Thrócaire le díolachán leabhar agus líomanáide.

Líomanáid agus Grá

Comhghairdeas le Jen Ní Mhathúna agus Donnchadh Mac Aogáin a bheidh ag pósadh a chéile ar an 16 Márta.

Níl leigheas ar an ngrá ach pósadh.

Más maith leat do mholadh faigh bás, más maith leat do cháineadh pós.

Pós bean ón sliabh agus pósfaidh tú an sliabh ar fad.

Pós an chailleach ar an gcairn aoiligh, ach díol do bhó i bhfad ó bhaile.

Ní féasta go rósta, is ní céasta go pósta.

An áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfas do chosa tú.

Is capall an tsaoil an grá.

A selection of seanfhocail above to celebrate the upcoming wedding of Jen Ní Mhathúna agus Donnchadh Mac Aogáin.

Aifreann Gaeilge

Aifreann Gaeilge Lá le Pádraig (agus gach Domhnach) 10.30 r.n. Séipéal Naomh Micheál, Dún Laoghaire.

Mass in Irish, St. Patrick’s Day (and every Sunday 10.30 am, St. Michael’s Church, Dún Laoghaire.

Geata Briste – nóta ó Chumann Áitritheoirí Chearnóg Belgrave

‘ I wanted to advise you that the northeast gate on Belgrave Square has broken off at the pillar and will need to be repaired off site – this will take sometime.  I wanted to make sure that parents with younger kids are aware that there is no gate in place until its replaced.’

Seirbhís i nGaeilge ó Uisce Éireann

Má tá gnó agat le hUisce Éireann, is féidir scríobh i nGaeilge agus gheobhaidh tú seirbhís iontach tapaidh óna nOifigeach Gaeilge Mairéad, mar a fuaireamarna anseo sa scoil.  Éilimis agus úsáidimis seirbhísí i nGaeilge.

Uisce Éireann provide a great Irish language service if you write to them in Irish.  We can help to support the provision of services in Irish by asking for them and using them when available.

Suirbhé Aiseolais ar an gClár Vacsaínithe Sróine in aghaidh an Fhliú 2023/24

Tugann an FSS cuireadh duit an suirbhé gairid seo a leanas a chomhlánú, mar thuismitheoir nó caomhnóir linbh a bhí i dteideal an Vacsaín Sróine in aghaidh an Fhliú a fháil ina Scoil in 2023, mar chuid de chlár a sholáthraíodh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ionas gur féidir linn a thuiscint cé chomh maith agus a rith an clár Vacsaín Sróine in aghaidh an Fhliú i scoileanna i mbliana.  Féadfaidh aon tuismitheoir nó caomhnóir linbh a bhí i dteideal vacsaín Fliú a fháil ina scoil i mbliana an ceistneoir seo a chomhlánú, fiú mura bhfuair an leanbh vacsaín fliú sa scoil i mbliana. Tá an suirbhé 5 nóiméad seo go hiomlán deonach. 

Is féidir leat an suirbhé a dhéanamh tríd an nasc seo a leanúint. https://www.surveymonkey.com/r/6LDGSZ5 

You are invited to complete the following short survey, as the parent or guardian of a child who was eligible to receive the Nasal Flu Vaccine in their School in 2023, as part of a programme provided by the Health Service Executive so that we can understand how well the Nasal Flu Vaccine in schools programme ran this year. Any parent or guardian of a child who was eligible to receive the Flu vaccine in their school this year can complete this questionnaire, even if the child did not actually receive a flu vaccine in the school this year. This survey is completely voluntary. You can take the survey by following this link.https://www.surveymonkey.com/r/533RX2H 

Fógra Feighlíochta

Tá feighlí á lorg againn dar bpáistí.

We are looking for someone who drives to mind the boys from September. To bring our child home to Cabinteely after school finishes and collect our other child on the way. 4 days a week!

Go raibh maith agaibh.

Niamh Murdock 0876661814 niamh@avocaclinic.ie

NL Aibreán 2024

Athoscailt na scoile

Scoil ag athoscailt do na daltaí tar éis na saoire sa samhradh Déardaoin 29 Lúnasa.

School will re-open after the summer break 2024 Thursday 29th August.

Cumann na dTuismitheoirí – dátaí don dialann

26/5/24 Fáiltiú an Chéad Chomaoinigh

29/5/24 Cruinniú Cinn Bhliana

16/6/24 Lá Spóirt, Coláiste Lawrence’s

27/6/23 Bronnadh na dTeastas, Rang 6

Scoil dúnta

Meabhrúchán go mbeimid dúnta Céadaoin seo chughainn 17/4 agus an fhoireann ag tabhairt faoi inseirbhís.

We’re closed next Wednesday 17/4 for a staff inservice day.

Ag tacú le tuismitheoirí leis an gcuraclam matamaitice nua

Tá bileog eolais do thuismitheoirí (dhá leathanach) forbartha ag an Roinn Oideachais ina

leagtar amach na príomhathruithe a bhféadfadh tuismitheoirí a bheith ag súil leo agus an

curaclam nua á thabhairt isteach. Moltar do scoileanna an t-eolas seo a roinnt le

tuismitheoirí.

https://www.gov.ie/ga/eolas-polasai/creat-curaclaim-na-bunscoile/?#tuismitheoiri-agus-caomhnoiri-agus-an-curaclam-nua-do-bhunscoileanna-agus-scoileanna-speisialta

Supporting parents with the new mathematics curriculum

The Department of Education has developed a two-page information leaflet for parents

which outlines the key changes that parents might expect with the introduction of the

new curriculum. Schools are encouraged to share this information with parents.

Siblín nua Meán Fómhair

Má tá siblín na ag tosú linn i Meán Fómhair, anois an t-am chun tosú ar an Modh Coinníollach agus an Tuiseal Ginideach sa bhaile.

If a sibling is due to start with us in September, this would be a good time to increase the use of Irish at home.

Fraincis

Beidh ranganna Fraincise ag tosú an tseachtain seo chughainn do Rang 4-6.  Buíochas le Caitríona Magner as a hobair air seo.

Les cours de français pour les classes de 4e à 6e commenceront la semaine prochaine. Merci au professeur Magner pour son aide.

Cúrsaí Tinnis

Buíochas libh as na páistí a choimeád sa bhaile nuair atá siad tinn agus na nótaí a sheoladh isteach i leith asláithreachais.  Tuigimid nach bhfuil sé éasca.

Thanks for keeping children at home when they are sick and for informing us of reasons for absences.  We appreciate that it can be a challenge.

Campa Samhraidh

Beidh Campa Samhraidh Scoil Lorcáin ar siúl 1-5ú Iúil.

Fáilte roimh Naíonáin nua go Rang 6.

Foirmeacha ar fáil taobh amuigh d’Oifig an Rúnaí nó is féidir dul i dteagmháil linn ag campascoillorcain@gmail.com.

Scoil Lorcáin summer camp 1-5 July.  New Infants – Rang 6 welcome. Forms available in school from Monday next.  Enquiries to email.

Oibrí Cúraim

Oibrí cúraim á lorg againn, 1.15 – 2.15, ócáidiúil. Ráta flaithiúil pá.  Gaeilge labhartha de dhíth.  Tacaíocht phobal na scoile ag teastáil chun leanúint leis na seirbhísí seo.

We’re looking for another worker for our Cúram 1.15 – 2.15 pm. Reasonable rate of pay.  We need the support of the school community to continue these services.

Gaelcholáiste 4 All Choill na Silíní

Suirbhé do Thuismitheoirí

Chun gur féidir linn an cás a dhéanamh gur gá Ghaelcholáiste nua a bhunú  i gCoill na Silíní tá sé tábhachtach a thaispeáint go bhfuil an t-éileamh agus an spéis ann i measc daonra bunscoile an cheantair.

Más tuismitheoir nó caomhnóir sa cheantar thú agus páistí agat atá ag freastal ar bunscoil faoi láthair (nó iad níos óige fiú!), le do thoil líon isteach an suirbhé seo ag léiriú cad iad na pleananna atá agat faoi láthair ó thaobh scoileanna dara leibhéal – agus cad a chuaigh i bhfeidhm ar an gcinneadh sin. Tá an suirbhé seo le líonadh uair amháin ag gach teaghlach más féidir, agus ná bíodh leisce ort é a roinnt le tuismitheoirí/caomhnóirí ar bith eile a bhfuil leanaí ina gcónaí sa cheantar acu.

Survey for Parents

To make the case for a new Gaelcholáiste in Cherrywood it’s important to show that the demand, and interest, is there amongst the current primary school population in the area.

To help with that element, please fill out this survey indicating what your current plans are for your children at secondary level – and what has influenced that decision. This survey is to be completed once per family where possible, but do please feel free to share it with any other parents/guardians with children living in the area

Grúpa Feachtais Lárnach – Uasdátú

Tá an Foras Pátrúnachta ag obair ar fheachtas láraithe ‘Gaelcholáiste4All’ a mbeidh Gaelcholáiste4Cherrywood mar chuid de. Roinnfear tuilleadh sonraí nuair a sheolfar an feachtas sin go luath.  Tá géarghá le Gaelcholáiste nua sa cheantar, agus is orainne a thiteann sé troid dó.

The Foras Pátrúnachta are working on a centralised ‘Gaelcholáiste4All’ campaign which Gaelcholáiste4Cherrywood will be a part of. Further details will be shared when that campaign launches shortly.  There is a clear and immediate need for a new Irish language secondary school in the area, and now is the time to fight for it. We’d love you to get involved.

Is muidne,

Foireann Gaelcholáiste4Cherrywood

Nuachtlitir Bealtaine 2024

CCB Chumann na dTuismitheoirí

Tá dáta an CCB athruithe anois go dtí Máirt 28 Bealtaine 7.30 in i Halla na Scoile.  Déanaimis iarracht freastal, lbhdt.  Beidh dearbhá Oíche Saor-ó-obair-bhaile do pháistí lucht tinrimh mar go mbeadh sé deacair freastal agus obair bhaile le déanamh.  Cuirfear cupán tae ar fáil ina dhiaidh.

Our parents’ association Cumann na dTuismitheoirí AGM will now take place on Tuesday 28th May 7.30 pm in Halla Scoil Lorcáin.  Please attend in appreciation of the work that’s done for the children.  Parents who attend will receive a No Homework token for their child/ren as it might be difficult to attend if supervising homework.  There will be a cup of tea afterwards.

Cuairteoirí ó Aotearoa (Nua-Shéalainn)

Thug Leanne agus Brenda ó scoileanna Maori Aotearoa cuairt orainn an tseachtain seo caite agus bhuail siad le grúpa as Rang 6.  Fuaireamar léargas ar an gcóras tumoideachais a chleachtaíonn siad.  Ní thosaítear ar Bhéarla a mhúineadh go dtí go mbíonn na daltaí 12 bhliain. Labhair teanga na sinsear i gcónaí.

We hosted practitioners from Maori immersion schools last week.  A group from Rang 6 discussed both immersion systems with them.  Eg, you must be a Maori and speak the language at home to attend their schools.  Always speak the language of the ancestors.

Ranganna 2024 – 2025

Sóis Caoimhe Ní Mháirtín S4,    Róisín Ní Mhuineacháin S2 Orla Ní Choitir S3

Sins Niamh Uí Chroidheáin S29 ,      Niamh Uí Óldáin S28,      Sealadach 1 S1 

R1 Ann-Marie Ní Labhairí S22 , Saffron Rosenstock S 21 , Sealadach 2 S27 

R2 Natasha Ní Dhuileáin S12 Christina Ní Mhurchú S17

OS Eva Ní Mháirtín OS4, Gráinne Uí Lúing OS1, Éabha de Staic OS2, Donnchadh Mac Aogáin OS5, Sealadach 3 OS3

R3 Colmán Ó hÁinle S23 , Sinéad Ní Dhóláin S24 

R4 Lucy Martin  S13, Caitríona Magner S14

R5 Cliona Máirtín S15 , Darragh Ó Conaill S14

R6, Jen Ní Mhathúna S26 , Mait Ó Briain S25 

Tuairiscí Cinn Bhliana – nóta ar an téarmaíocht.

Is mian linn go mbeadh na tuairiscí cruinn, réalaíoch. 

We want our reports to be correct and realistic.  

1 (deacrachtaí móra) – is annamh a úsáidtear/ big difficulties.

Rarely used.

2 – (roinnt deacrachtaí) – bheadh sé seo in úsáid níos minicí

Some difficulties, used more often.

3 (ag éirí go maith) – an meán sa rang. Páiste go breá. Gheobhaidh fórmhór na bpáistí seo.  

Doing well, average in class, child is fine, most children will get this.

4 (cumasach agus inniúil) – do pháiste atá cumasach agus inniúil, ní do gach páiste. Ní bheadh chuile dhuine/fórmhór an ranga ag an leibhéal seo. 

For able children, not for every child, most of the children in a class would not be at this level.

5 (an-chumasach agus an-inniúil) – do pháistí eiseachtúla, annamh go n-úsáidtear. Ní bheadh in úsáid i ngach rang. 

Very able, for exceptionally able children, rarely used.

Cabhair le turasanna scoile is rl.

Fáilte roimh sheantuismitheoirí chomh maith.

Grandparents are also welcome to help when we ask for help with school trips, walks etc.

Obair Bhaile agus Éadaí Féin

Ní bheidh aon obair bhaile tar éis Déardaoin 13 Meitheamh.  Beidh cead ag na daltaí a gcuid éadaí féin a chaitheamh ón Luan 17 Meitheamh.  

Homework will finish Thursday 13th June.  The pupils may wear their own clothes from Monday 17th June.  

Picnic Scoil Lorcáin

Táimid ag smaoineamh ar Phicnic Scoil Lorcáin a beith againn arís i mbliana Máirt 25 Meitheamh. Imeoidh Rang 1-6 go Páirc na Carraige Duibhe don lá agus na Naíonáin chuig áit eile.  Bheadh gá le cabhair ó shean/tuismitheoirí.

We’re looking at Tuesday 25th June for Picnic Scoil Lorcáin, where we walk to Blackrock Park with Rang 1-6 and hang out for the day.

Scoil Dúnta

Is cinnte anois go mbeidh an scoil dúnta Aoine 7 Meitheamh agus í in úsáid mar ionad vótála do na toghcháin.

School will be closed Friday 7 June for the European and Local Elections.

Deontas Leabhar Scoile 

Bileog eolais foilsithe ag an Roinn faoi iamh. 

Information leaflet published by the Department of Education attached. 

Campa Samhraidh

Beidh Campa Samhraidh Scoil Lorcáin ar siúl 1-5ú Iúil.

Fáilte roimh Naíonáin nua go Rang 6.

Foirmeacha ar fáil taobh amuigh d’Oifig an Rúnaí nó is féidir dul i dteagmháil linn ag campascoillorcain@gmail.com.

Scoil Lorcáin summer camp (1-5 July.  New Infants – Rang 6 welcome. Forms available in school.  Enquiries to email.

Altramú

Dia duit.  Caoilfhionn is ainm dom agus is mise an Príomhoibrí sóisialta as cothú i gceantar Bhaile Átha Cliath Thoir Theas-Chill Mhantáin le Tusla.  Táimid ag impí ar aon duine a smaoinigh riamh ar chothú nó ar mhaith leo roinnt eolais a fháil faoi bheith i do chúramóir altrama teagmháil a dhéanamh linn le do thoil.  Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chothú le Tusla ar;

www.fostering.ie, Ríomhphost: tusla.fostering@tusla.ie, Saorghlao: 1800226771

 Míle buíochas as bhur dtacaíocht leanúnach.

My name is Caoilfhionn and I am the Principal social worker for fostering in the Dublin South East-Wicklow area with Tusla.  We are appealing to anyone who has ever considered fostering or would like some information about becoming a foster carer to please reach out to us.  There is an urgent need for foster carer’s in the area.

You can find out more about fostering with Tusla on ;www.fostering.ie email: tusla.fostering@tusla.ie Freephone: 1800226771 

Warm regards

Caoilfhionn

Nóta ó Roinn Oideachais

Is í ailse chraicinn an ailse is coitianta in Éirinn agus déantar beagnach 13,000 cás nua a dhiagnóisiú gach bliain. Bíonn ionchur ollmhór díréireach ag barraíocht UV i rith an gcéad 10-15 bliana de shaol 2

duine ar an riosca saolré go bhfaigheadh duine ailse chraicinn. Déanann sé maitheas do leanaí súgradh agus am a chaitheamh amuigh faoin aer. Ach, tá sé tábhachtach craiceann leanaí a chosaint nuair atá siad amuigh faoin ngrian. Ní chaitheann leath de na leanaí hata ná éadaí ar a bhfuil muinchillí fada sa ghrian agus tuairiscíodh go bhfuair trí cheathrú díobh dó gréine i rith an tsamhraidh roimhe sin.  Tugann hataí le duilleoga leathana, hataí ar stíleanna buicéid agus legionnaire iad san áireamh, cosaint don aghaidh, don cheann, do chúl an mhuiníl agus do na cluasa. Ba chóir hataí le duilleoga leathana a úsáid an t-am ar fad in éineacht le cineálacha eile de chosaint ar an ngrian ar nós éadaí, scáth agus sciath ghréine (féach Iarthéacs le haghaidh na 5 C (S as Béarla) de chosaint ar an ngrian).

Skin cancer is the most common cancer in Ireland with almost 13,0001 new cases diagnosed  annually. UV exposure during the first 10–15 years of life makes a disproportionately large  contribution to lifetime risk of skin cancer. Playing and spending time outdoors is good for children. However, it is important to protect children’s skin when out in the sun. Too much  exposure to the sun’s ultraviolet (UV) radiation can lead to sun damage, sunburn and skin  cancer. Children and young people are particularly vulnerable to the damaging effects of UV  radiation from the sun.  Half of children do not wear a hat or long-sleeved clothing in the  sun and three quarters reported experiencing sunburn during the previous summer.  Wide-brimmed hats, including bucket and legionnaire style hats, protect the face, head,  back of neck and ears.

Club Iarscoile Explorers 

Ar mhaith leat obair le páistí trí mheán na Gaeilge?

Tá duine díograiseacha uainn i gClub Iarscoile Explorers, Scoil Lorcáin.

ag tosnú ag deireadh Lúnasa 2024.

Tuarastal ag tosnú ag – €15.50 (gan aon caillíochtaí) agus €16.90ph (QQI Leibhéal 5 nó 6 i

gcúram leanaí)

Seol CV chuig  explorersafterschool@gmail.com

Would you like to work with children through the medium of Irish?

We’re looking for enthusiastic staff to work in our Afterschool in Monkstown beginning at

the end of August 2024.

Salary scale starting at – €15.50ph (Unqualified) / €16.90ph (QQI Level 5 in Early Childhood

Education)

Summers off.

Send CV to Explorersafterschool@gmail.com

Campa Chnoc na gCairde

Ranganna Gaeilge, Spóirt, Spraoi, Siamsaíoct

Campa Inghnéitheach le Gaeilge faoi bhláth

Daltaí Ranganna 1-6 (Aoise 7-12)

1-5 Iúil 10.00 – 14.00

€100 an dalta, €190 ar bheirt.

Coláiste Eoin, Stigh Lorgán

cnocnagcairde@gmail.com

Nl Meitheamh 2024

Dáta nua do Phicnic Scoil Lorcáin

Beidh Picnic Scoil Lorcáin againn anois ar an Luan 24 Meitheamh. Imeoidh na Naíonáin agus Rang 1  go Rinn na Mara agus Rang 2-6 go Páirc na Carraige Duibhe.  Fáilte roimh shean/tuismitheoirí agus roimh shiblíní a bhfuil tuismitheoirí leo.

Our school picnic will now happen Monday 24th June.  Infants and Rang 1 will go to Seapoint and Rang 2-6 to Blackrock Park.  Grand/parents welcome and siblings welcome with parents.

Scoil Lorcáin, ní Mondello

Is fearr nach mbeadh na daltaí a bhailíonn i gClós na Naíonán Sóisir ag rith ar na céimeanna agus ar an rampa,le bhur dtoil.  Is féidir leo bogadh timpeall an chlóis féin go dtí go bhfuil sé in am línea dhéanamh.

For the Infants who collect in Clós na Naíonán Sóisir in the morning, it’s safer not to run on the steps and the ramp.  They can move around the yard itself, safely.  Santry Athletics training starts in Rang 3.

Scútair is rothar á bhfágáil sa scoil

Baineadh mí-úsáid i rith an deireadh seachtaine as scútair a fágadh sa scoil Dé hAoine seo caite. Tabhair abhaile rothais is scútair, le bhut dtoil.  Tá dochar á dhéanamh.

Scooters that were left uncollected last Friday were misused in the yard over the weekend.  Please take them home with you.  The platform in the Clós Fada is suffering.

Naíonra Lorcáin

Tá súil ag Coiste Naíonra Lorcáin múinteoir Naíonra a earcú do mhí Mheán Fómhair 2024.

Post sealadach páirtaimseartha (10 mí, 4 huaire sa lá) atá ann. 

Ta Naíonra Lorcáin suite i Scoil Lorcáin, Baile na Manach. Is í an Ghaeilge teanga oibre an Naíonra.

Riachtanais:

Suim san oideachas luath-óige.

Gaeilge mhaith nó suim feabhas a chur uirthi.

Cáilíochtaí CDBO Leibhéal 5 nó 6 i gCúram Leanaí. 

Má tá suim agat sa phost: 

Seol ríomhphost agus CV chuig naionralorcain@gmail.com roimh 29/6/24

Pléifear tuarastal leis an té a cheapfar.

Coiste Naíonra Lorcáin wishes to recruit a preschool teacher for September 2024.

It is a temporary part-time position 4 hours a day for 10 months.

Naíonra Lorcáin is an Irish medium pre-school and is located in Scoil Lorcáin, Monkstown.

Requirements:

An interest in early years education. 

Good Irish or an interest in improving language proficiency.

QQI Level 5 and / or Level 6 in Childcare.

Application:

Send an e-mail and CV to naionralorcain@gmail.com before 29/6/24 

Salary will be discussed with the successful applicant.

Hataí

Tá an Roinn Oideachais ag moladh hataí le duilleoga leathana do pháistí scoile chun iad a chosaint ó dhó gréine agus baol ailse.

The Department is promoting the use of broadbrimmed hats to prevent sunburn and reduce the risk of skin cancer.

Bliotsanna

Beidh Bliotsanna Peile Cuala ar siúl Máirt – Déardaoin seo chughainn i mBóthar Bhaile Thomáis.  Beidh fáilte roimh iarscoláirí cabhrú leis na múinteoirí mar bhainisteoirí, go speisialta má tá siblín ag imirt.  Cuir scéal chuig an múinteoir nó chug Oifig na Scoile, roimh réidh, ldt. 

Rang 3 11/6

Rang 4 12/6

Rang 5 13/6

Cuala are running their Schools’ Blitzes next Tuesday – Thursday in Thomastown. Former pupils are welcome to help manage our teams. Meeting up there 9.30 am, but let the teacher or Oifig na Scoile know by Monday, please.

Páirceáil agus tiomáint lasmuigh den scoil

Tá a lán daoine ag páirceáil ar na línte dúbalta agus ar an gcosán ar chúinne Chearnóg Eaton le déanaí. Tarlóidh timpist, gan amhras, níl ann ach ceist ama.  Sábháil dhá nóiméad nó sábháil páiste.

A lot of drivers are now driving and parking dangerously outside the school, especially at 2.15pm.  An accident is now a matter of when, rather than if.  All those who insist on driving down past the school and parking on corners should share the responsibility when it happens.  Save yourself two minutes, or save a life.

Ranganna 2024 – 2025

Gabh ár leithscéal as an liosta seo fhoilsiú an mhí seo caite gan an t-eolas ar fad ann, trí thimpist.

Apologies for publishing an incomplete version of this list last month.

Sóis Caoimhe Ní Mháirtín S4 Róisín Ní Mhuineacháin S2 Orla Ní Choitir S3

Sins Niamh Uí Chroidheáin S29 (Rang an Mhúinteoir Rosenstock), Niamh Uí Óldáin S28 (Rang an Mhúinteoir Uí Mhurchú), Sealadach 1 S1 (Rang an Mhúinteoir Uí Mháirtín)

R1 Ann-Marie Ní Labhairí S22 (Rang an Mhúinteoir Uí Dhrisceoil) , Saffron Rosenstock S 21 (Rang an Mhúinteoir Uí Dhuileáin), Sealadach 2 S27 (Rang an Mhúinteoir Uí Óldáin)

R2 Natasha Ní Dhuileáin S12 Christina Ní Mhurchú S17

Oideachas Speisialta: Eva Ní Mháirtín, Gráinne Uí Lúing, Éabha de Staic, Donnchadh Mac Aogáin, Sealadach 3

R3 Colmán Ó hÁinle S23 (Rang an Mhúinteoir Uí Cheallaigh), Sinéad Ní Dhóláin S24 (Rang an Mhúinteoir Uí Mhuineacháin)

R4 Lucy Martin  S13 Rang Nuamheascaithe, Caitríona Magner S14 Rang Nuamheascaithe

R5 Cliona Máirtín S15 ( Rang an Mhúinteoir Magner), Darragh Ó Conaill S14 (Rang an Mhúinteoir Uí Mháirtín)

R6, Jen Ní Mhathúna S26 (Rang an Mhúinteoir Máirtín), Mait Ó Briain S25 (Rang an Mhúinteoir Uí Chonaill)

Fógra

Feidhlǐ leanbh teastâil chun páiste a bhailiū tar êis scoile agus cūram to dtǐ 5.30/6pm. Cur gloach/tèacs 086 6000124

Childminder required to collect child from school and mind for the afternoon to 5.30/6pm.  Phone/text: Julia 086 6000124

Curaclam na Bunscoile

Tá curaclam na bunscoile ag athrú. Seo an t-athrú is suntasaí ar oideachas bunscoile le 25 bliain anuas.  

Tá An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i mbun comhairliúcháin ar

churaclam sna réimsí seo a leanas:

Oideachas Ealaíon (Ealaín, Drámaíocht agus Ceol)

Nuatheangacha Iasachta, mar chuid de Churaclam Teanga na Bunscoile

Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta    

Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (Stair agus Tíreolaíocht)

Folláine (Corpoideachas agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte)

Is féidir do thuairim a léiriú tríd an gceistneoir ar líne do thuismitheoirí/chaomhnóirí a

chomhlíonadh, nó trí aighneacht i scríbhinn a dhéanamh. Is féidir teacht ar na dréacht-dhoiciméid

curaclaim, agus naisc go dtí an ceistneoir agus aighneachtaí scríofa ar leathanach gréasáin

chomhairliúchán CNCM:  

https://ncca.ie/ga/bunscoil/bunfhorbairti/curaclam-na-bunscoile-a-athbhreithniu-agus-a-

athfhorbairt/comhairliuchan-2024/  

Beidh an comhairliúchán ag dúnadh ar an Aoine an 7 Meitheamh ag 5i.n.  Glac páirt agus déan difríocht.

Update for parents/guardians on the consultation

The primary curriculum is changing. This is the most significant change to

primary education in 25 years. The National Council for Curriculum and Assessment (NCCA) is holding a consultation on curriculum in the following areas:

Arts Education (Art, Drama and Music)

Modern Foreign Languages, as part of the Primary Language Curriculum

Science, Technology and Engineering Education   

Social and Environmental Education (History and Geography)

Wellbeing (Physical Education and Social, Personal and Health Education).

You can have your say by completing the online questionnaire for parent/guardians, or by

completing a written submission. The draft curriculum documents, and links to the questionnaire

and written submissions can be found at the NCCA consultation webpage:

https://ncca.ie/en/primary/primary-developments/primary-curriculum-review-and-

redevelopment/consultation-2024/

The consultation closes on Friday 7th June at 5pm.

Glac párt agus déan difríocht.

NL Meitheamh 2024b

Picnic Scoil Lorcáin Naíonáin  – Rang 1

Táimid ag tabhairt Ranganna  Naíonán – Rang 1 ar phicnic go Rinn na Mara agus Cnoc an tSalainn,  Dé Luain seo chughainn 24 Meitheamh.   Siúlfaimid ann.  Táimid ag súil le lá álainn faoin dtor a bheith againn.

Fágáil Scoil Lorcáin: 9.30

Sroichint na Páirce: Rinn na Mara/ Seapoint 10.00

Fágáil Rinn na Mara chun dul go Páirc Chnoc an tSalainn c 10.45

Fágáil Páirc Chnoc an tSalainn 12.00 

Ar ais ar scoil 12.30 

Beidh cabhair uainn.  Ba bhreá linn go dtiocfadh tuismitheoirí linn.  Beidh fáilte roimh iarscoláirí ach tuismitheoir a bheith leo.  Labhair le múinteoir do pháiste, le do thoil, más féidir leat teacht linn.  Fáilte roimh Theidí beag buí teacht, chomh maith, má fhiteálann sé/í i mála an pháiste.  

We are walking Naíonáin – Rang 1 on a picnic to  Seapoint/ Salthill,   Monday 24th June.   We’re expecting a great day.

Leave Scoil Lorcáin 9.30

Reach Seapoint: 10.00

Leave Seapoint 10.45 for Salthill

Leave Salthill 12.00

Arrive back in Scoil Lorcáín c 12.30 pm (All approximate times)

Parents are more than welcome to come with us . Past-pupils are welcome if with their parent.  Please, let your child’s teacher know, today,  if you can help us.  Small teddies which fit in the child’s bag welcome, too. 

Picnic Scoil Lorcáin Rang 2-6

Táimid ag siúl Ranganna  2, 3, 4, 5 agus 6 ar phicnic go Páirc na Carraige Duibhe Dé Luain 24 Meitheamh. Táimid ag súil le lá álainn faoin dtor a bheith againn.

Fágáil Scoil Lorcáin: 9.15

Sroichint na Páirce: 9.45

Fágáil na Páirce c 12.15

Ar ais ar scoil c 1.00 

Beidh fáilte roimh thuismitheoirí teacht linn.  Tá gá le 12, ar a laghad.  Beidh fáilte roimh iarscoláirí ach tuismitheoir a bheith leo.  Cuir scéal chuig múinteoir do pháiste inniu, le do thoil, más féidir leat teacht linn.  Buíochas as an gcabhair go dtí seo le turasanna agus siúlóidí scoile.  Tá an t-ádh linn an tacaíocht sin a bheith againn.  Tuigimid nach bhfuil sé éasca.

We are walking Rang , 2, 3, 4, 5 and 6 on a picnic to Blackrock Park  Tuesday 26th June.  We’re expecting a great day.

Leave Scoil Lorcáin 9.15

Reach Blackrock Park: 10.00

Leave Blackrock Park c 12.15

Arrive back in Scoil Lorcáín c 1.00 pm

Parents are more than welcome to come with us. We need a minimum of 12.  Past-pupils are welcome if with their parent.  Please, let your child’s teacher know today, if you are coming with us.   Thanks for all the support during the year with walks and trips.  We appreciate it.

Go raibh maith agaibh.

Athchúrsáil Éadaí Scoile 24 – 26 Meitheamh

Bainfimid triail as.  Má tá éadaí scoile agat atá ró-bheag dod’ pháiste.

Cuir i mála iad agus scríobh ainm do pháiste agus méid na n-éadaí ar an mála.  

Éadaí Naíonáin – Rang 1 le fágaint ar an bhfalla dearg ag Geata na Naionán – Rang 1.  Éadaí Rang 2-6 le fágaint ar an ardán sa Chlós Mór.  Tóg a bhfuil uait.  Tabharfaimid éadaí nach dtógtar ar ais dod’ pháiste.  Beidh cead ag tuismiteoirí agus daltaí rang 3-6 éadaí a thógaint.  Is féidir iad a fhágaint isteach roimhe an Luan, Naíonáin – Rang 1 i gCúinne na Naíonán agus Rang 2-6 lasmuigh den Oifig.

We’ll try recycling school clothes that are no longer needed Monday – Wednesday next 24 – 26th.  Put them in a bag and write the size/age, as well as your child’s name on the bag.  Naíonáin – Rang 1 to be left on the low red brick wall, Rang 2-6 on the stage in An Clós Fada.  Parents and pupils Rang 3-6 may take as they wish.  We’ll return whatever is left to you.  You can drop them in before then, Naíonáin – Rang 1 to be left in Cúinne na Naíonán, Rang 2-6 outside Oifig na Scoile.

Lá Spóirt

Bhí Lá iontach Spóirt againn Dé Domhnaigh, i gColáiste Naomh Lorcán.  Comhghairdeas le Cumann na dTuismitheoirí as imeacht iontach eile a eagrú dúinn agus buíochas le gach duine a chabhraigh agus iad siúd a d’fhreastail.  Bhí an Ghaeilge in uachtar (?) mar theanga chumarsáide sa líne do Mr. Whippy’s agus timpeall na páirce.  Tá sé seo go hiontach – buíochas libh.

We had a great sports’ day in St. Laurence’s College on Sunday.  It would be easy to take the great work that Cumann na dTuismitheoirí do, with all the events they organise, for granted.  Well done to all involved and thanks to all who attended.  Worth mentioning all the Irish being spoken by pupils and parents – this is such an important element of our school culture – 99s for all.

Bliotsanna Camógaíochta agus Peile

Buíochas le Cuala as Bliotsanna Peile Rang 3-4 a eagrú agus le Cill Mo Choda/ Na Crócaigh as Bliotsanna Camógaíocht Rang 4-6.  Bhaineamar ard-taitneamh astu.

Thanks to Cuala and Kilmacud Crokes for organising football and camoge blitzes for Rang 3-6 over the last few weeks.  They were very enjoyable.

Díolachán Cístí Rang 6 

Ar an Aoine bheag seo 21 Meitheamh

Molaimid €2 an páiste, le tabhairt isteach Déardaoin.

Cosnóidh na hearraí 20c – 50c

Ar mhaithe le Cumann na Croise Deirge.

Cake Sale this Friday by Rang 6

€2 suggested , to be brought in Thursday.

Goods will cost 20 – 50 c.

In aid of the Red Cross.

Campa Samhraidh

Beidh Campa Samhraidh Scoil Lorcáin ar siúl 1-5ú Iúil.

Fáilte roimh Naíonáin nua go Rang 6.

Foirmeacha ar fáil taobh amuigh d’Oifig an Rúnaí nó is féidir dul i dteagmháil linn ag campascoillorcain@gmail.com.

Scoil Lorcáin summer camp (1-5 July).  New Infants – Rang 6 welcome. Forms available in school.  Enquiries to email.

Teagmháil le linn an tsamhraidh

Is féidir teagmháil leis an scoil ar ríomhphost scoillorcain1@scoillorcain.ie le linn an tsamhraidh.  Seiceálfar go hócáidiúil.  Is féidir ríomhphost a chóipeáil go colman.odrisceoil@scoillorcain.ie i gcás éigeandála, má tá freagra níos tapúla de dhíth.

You can contact the school by email over the summer scoillorcain1@scoillorcain.ie.  It’s checked occasionally.  In case of genuine need, where a quicker response is needed, you are welcome to copy colman.odrisceoil@scoillorcain.ie.

Cosc ar ghutháin chliste

Meabhraimid go bhfuil cosc ar ghuthán cliste a bheith ag daltaí ar scoil in aon chor.  Tugann Cumann na dTuismitheoirí tacaíocht do chur chuige seo leis an gcód deonach a iarrann ar thuismitheoirí gan guthán cliste a cheannach agus na páistí sa bhunscoil.

We’d like to remind you that pupils may not bring smartphones to school at all.  Thank you for your support with this initiative and for the voluntary code which is promoted by Cumann na dTuismitheoirí whereby parents chose not to buy a smartphone for their child while in primary school.  

Scútair fágtha

Ná déan, ldt.

No scooter, no bike,

To be left, overnight.

Árachas Scoile

Íocann tuismitheoirí  daltaí Scoil Lorcáin don árachas  dá bpáistí nuair a íoctar do ealaín agus fótachóipeáil.  Clúdaíonn Polsaí árachais scoile na micléin taobh amuigh den scoil chomh maith le i rith am scoile, sé sin le rá 365 lá sa bhliain 24/7

www.pupilcover.ie le tuilleadh eolais nó foirm a fháil

Parents pay for personal pupil insurance when paying for Art and photocopying for the new school year.

The insurance policy held by Scoil Lorcáin covers the children outside of school hours also. It covers the students 365 days a year, 24/7.

Cosc ar ghutháin chliste

Meabhraimid go bhfuil cosc ar ghuthán cliste a bheith ag daltaí ar scoil in aon chor.  Breathnaítear air mar mhí-iompar tromchúiseach ceann a bheith ag dalta.

We’d like to remind you that pupils may not bring smartphones to school at all.  It’s seen as serious mis-behaviour for a pupil to bring one to school.

Buíochas agus slán

Táimid tar éis bliain iontach eile a bheith againn sa scoil.  Buíochas leis na páistí as a n-obair, a nGaeilge agus a n-iompar.  Tá súil againn go raibh siad sona.  Buíochas leis na múinteoirí agus pobal uile na scoile as gach tacaíocht agus cabhair. Beimid ag dúnach ag a 12:00 ar an Aoine 28/06. Bainimís go léir taitneamh as an samhradh. Guímid rath, go speisialta, ar Rang 6 agus ar na tuismitheoirí atá dár bhfágáil tar éis na mblianta.

Go dtéimid go léir slán.

Thanks, goodbye for now, and safe summer to all, after a great year in school. We will be closing at 12:00 on Friday 28/06.  Warmest regards to Rang a 6 and to parents who are finishing up with us for the last time.